Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar aṫċuinġeaċa, urnaiġṫe, eadar‐ġuiḋe, altú ar son an uile ḋuine;

2 ar son riġṫe agus ar son na ndaoine atá árd i gcéim; ċum go gcaiṫfimíd saoġal suaiṁneasaċ, síoṫċánta, i ngaċ cráḃaḋ agus i ngaċ cneastaċt.

3 Is maiṫ agus is taiṫneaṁaċ an niḋ seo i ḃfiaḋnaise Dé ár Slánuiġṫeoir,

4 gur mian leis go slánuiġtiḋe na daoine uile agus go ḃfaiġdís lán‐eolas ar an ḃfírinne.

5 Óir ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin, agus an t‐aon idir‐ṁeaḋóntóir aṁáin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost,

6 ṫug é féin mar éiric ar son an uile ḋuine, gur tugaḋ a ḟiaḋnaise ’n‐a am féin.

7 Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.

8 Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas.

9 Agus is mian liom, leis, go gcuirfeaḋ na mná éadaiġe oireaṁnaċa umpa féin, go geanmnaiḋe, banaṁail; gan gruaig ṫreillseaċ, gan ór, ná péarlaí, ná culaiṫe luaċṁara;

10 aċt (mar ba ċeart do ṁnáiḃ adṁuiġeas cráiḃṫeaċt) le deaġ‐ġníoṁarṫaiḃ.

11 Glacaḋ an ḃean teagasc go ciúin, ceannsa. Aċt ní ċeaduiġim do’n ṁnaoi teagasc do ṫaḃairt,

12 ná ceannas do ḃeiṫ aici ar an ḃfear, aċt caiṫfiḋ sí fanaṁain ’n‐a tost.

13 Óir ba é Áḋaṁ ba ṫúisce do cumaḋ, agus Éaḃa ’n‐a ḋiaiḋ sin.

14 Agus níorḃ é Áḋaṁ do meallaḋ, aċt do meallaḋ an ḃean, gur éiriġ sí cionntaċ i bpeacaḋ.

15 Aċt ċeana tiocfaiḋ sí slán tré iomċar clainne, aċt go leanann siad de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, agus de’n naoṁaċt, le macántaċt.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan