Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuiġṫeoir, agus Íosa Críost, uġdar ár ndóċais;

2 ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.

3 D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,

4 agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.

5 Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.

6 Atá daoine ann do ṫionntuiġ ó na neiṫiḃ seo, agus do ċuaiḋ amuġa ċum baoṫ‐ċainnte;

7 d’iarraiḋ ḃeiṫ mar ṁúinteoirí na dliġe, giḋ naċ dtuigeann siad créad ḃíos d’á ráḋ nó d’á ḋearḃú aca.

8 Aċt atá a ḟios againne go ḃfuil an dliġe maiṫ, má ḃaineann duine fóġnaṁ as go dlisteanaċ,

9 agus má ṫuigeann sé naċ do’n duine fíréan do cumaḋ an dliġe, aċt do ḋaoiniḃ míriaġalta, easuṁla, do ḋaoiniḃ neaṁ‐ḋiaḋa agus do ṗeacaċaiḃ, do ḋaoiniḃ mí‐naoṁṫa, masluiġṫeaċa, do luċt marḃṫa aiṫreaċ agus máiṫreaċ, do ḋún‐ṁarḃṫóiriḃ,

10 do luċt striapaċais, do luċt ainṁianta mí‐nádúrṫa, do luċt goidṫe daoine, do ḃréagairiḃ, agus éinniḋ eile atá i n‐aġaiḋ an teagaisc ḟolláin;

11 do réir soiscéil glóire an Dé ḃeannuiġṫe atá curṫa fá mo ċúram‐sa.

12 Do‐ḃeirim buiḋeaċas leis an té ṫug cumas dom, Íosa Críost ár dTiġearna, do ṁeas gur ḋuine iontaoḃṫa mé, ’gam’ ṫoġaḋ le h‐aġaiḋ a ṡeirḃíse:

13 giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,

14 agus do ṁéaduiġ grása ár dTiġearna go mór, le creideaṁ agus leis an ngráḋ atá i nÍosa Críost.

15 Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.

16 Aċt ċuige sin is eaḋ fuaras trócaise, ċum go noċtfaḋ Íosa Críost a ḟad‐ḟulang uile ionnam‐sa ar dtús, ċum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do ḃí le creideaṁain ann, ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.

17 Anois do’n Riġ síorraiḋe, do‐ṁarḃṫa, do‐ḟeicsiona, do’n Aon‐Dia, go raiḃ onóir agus glóir go saoġal na saoġal. Amen.

18 Fágaim é seo mar ċúram ort, a Ṫimóteuis, a ṁic liom, do réir na dtarngaire do rinneaḋ id’ ṫaoḃ roiṁe seo, ċum go dtroidfiḋ tú an cóṁrac maiṫ d’á mbárr;

19 ag coiṁeád an ċreidiṁ agus consiais ṁaiṫ; rud atá tréigṫe ag daoiniḃ áiriṫe go ḃfuil long‐ḃriseaḋ déanta de’n ċreideaṁ aca.

20 Daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Hímenaeus agus Alecsander, daoine do scaoileas le Sátan, ċum go múinfiḋe ḋaoiḃ gan dia‐ṁaslaḋ do laḃairt.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan