Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Naċ ḃfuilim‐se saor? Naċ abstal mise? Naċ ḃfacas‐sa Íosa ár dTiġearna? Naċ siḃ‐se toraḋ mo ṡaoṫair san Tiġearna?

2 Muna ḃfuilim im’ abstal do ḋaoiniḃ eile, ar ċuma ar biṫ atáim im’ abstal daoiḃ‐se; óir is siḃ‐se séala m’abstalaċta san Tiġearna.

3 Is é seo m’ḟreagra orṫa‐san atá ’gam’ ċeistniú:

4 Naċ ḃfuil sé de ċead againn iṫe agus ól?

5 Naċ ḃfuil sé de ċead againn siúr do ṫaḃairt mar ḃainċéile i n‐éinḟeaċt linn, mar do‐ġní an ċuid eile de na h‐abstalaiḃ, agus bráiṫre an Tiġearna, agus Céfas?

6 Nó, an mise aṁáin agus Barnabas naċ ḃfuil sé de ċead againn éirġe as obair?

7 Cia h‐é do‐ġní seirḃís saiġdiúra am ar biṫ ar a ċostas féin? Cia h‐é ċuireas fíon‐ġort agus naċ n‐iṫeann d’á ṫoraḋ? Nó cia h‐é ḃeaṫuiġeas tréad agus naċ mblaiseann bainne an tréada?

8 An mar ḋuine laḃraim mar so? Naċ n‐abrann an dliġe na neiṫe céadna?

9 Óir atá scríoḃṫa i ndliġe Ṁaoise, Ní ċuirfir féastraċ leis an daṁ agus é ag satailt ar an arḃar. An iad na daiṁ is ċúram le Dia?

10 Nó naċ ar ṁaiṫe linne laḃras sé? Is eaḋ, ar ṁaiṫe linne atá sé scríoḃṫa; ċum, an té ṫreaḃas go dtreaḃfaḋ sé le dóċas, agus ċum, an té ḃuaileas arḃar, go mbuailfeaḋ sé le súil go ḃfaiġeaḋ sé a ċuid féin de.

11 Má tá neiṫe spioradálta síol‐ċurṫa againn daoiḃ‐se, an niḋ mór é má ḃainimíd‐ne foġṁar saoġalta uaiḃ?

12 Má ḃaineann daoine eile tairḃe de’n ċeart sin oraiḃ, naċ móide ba ċóir dúinne páirt do ḃeiṫ againn ann? Aċt níor ḃaineamar feiḋm as an gceart sin, aċt fulaingmíd gaċ uile niḋ, ċum naċ gcuirfimís bac ar biṫ le soiscéal Ċríost.

13 Naċ eol daoiḃ na daoine riaras neiṫe spioradálta go mbeaṫuiġtear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ġní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir?

14 Ar an gcuma ċéadna na daoine ċraoḃscaoileas an soiscéal, d’órduiġ an Tiġearna go ḃfaiġdís a mbeaṫa ó’n soiscéal.

15 Aċt níor ḃaineas‐sa feiḋm as niḋ ar biṫ ḋíoḃ sin: agus ní le súil go mbéaḋ éinniḋ d’á ṫairḃe agam atáim ag scríoḃaḋ ’n‐a ṫaoḃ so: óir do b’ḟearr liom bás d’ḟáġáil ’ná go ndéanfaḋ aoinneaċ neiṁniḋ de’n aḋḃar maoiḋṁeaċais seo agam.

16 Óir, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil dom, ní h‐aon aḋḃar maoiḋṁeaċais dom é; mar is éigean dom é; agus is mairg dom muna gcraoḃscaoilim an soiscéal!

17 Óir, má’s dem’ ṡaor‐ṫoil féin do‐ġním é, atá luaċ saoṫair agam; aċt, má’s i n‐aġaiḋ mo ṫola é, do cuireaḋ ’n‐a ċúram orm é.

18 Céard í mo luaiġeaċt mar sin? An soiscéal ċraoḃscaoilim do ṫaḃairt i n‐aisce, gan fóġnaṁ do ḋéanaṁ dem’ ċeart san tsoiscéal.

19 Óir giḋ go ḃfuilim saor ó ċáċ, do rinneas seirḃíseaċ díom féin ċum gur mó an méid go ḃuaiḋfinn.

20 Agus do na h‐lúdaċaiḃ do ḃíos mar lúdaċ, ċum go mbuaiḋfinn na h‐lúdaiġ; do’n dream do ḃí fá’n dliġe, mar ḃéinn fá’n dliġe (giḋ naċ ḃfuilim féin fá’n dliġe), ċum go mbuaiḋfinn na daoine atá fá’n dliġe;

21 do’n dream atá gan dliġe mar ḃéinn gan dliġe, giḋ naċ ḃfuilim gan dliġe i dtaoḃ Ċríost, ċum go mbuaiḋfinn na daoine atá gan dliġe.

22 Do na daoiniḃ atá lag do ḃíos mar ḋuine lag, ċum go mbuaiḋfinn an luċt lag: do ḃíos san uile ċruṫ do’n uile ḋuine, ċum go saorfainn cuid aca ar ċuma ar biṫ.

23 Agus is ar son an tsoiscéil do‐ġním gaċ niḋ, ċum go mbéinn rannṗáirteaċ ann.

24 Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.

25 Agus gaċ duine ṫéiġeas san iomaiḋeaċt cleaċtann sé smaċt do ċoiṁeád air féin ar gaċ sliġe. Agus do‐ġní siad‐san sin ċum coróin truailliġṫe do ḃuaḋaċtain; aċt doġnímíd‐ne é ċum coróin neaṁ‐ṫruailliġṫe do ḃuaḋaċtain.

26 Uime sin, ní riṫim‐se, mar naċ mbéaḋ eolas agam; aċt is aṁlaiḋ spairnim, ní mar ḋuine a ḃeaḋ ag bualaḋ an aeir:

27 áċt buailim mo ċolann féin, agus cuirim fá smaċt í, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go ndiúltóċaiḋe ḋom féin, ṫar a éis dom ḃeiṫ ag seanmóiriú do ḋaoiniḃ eile.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan