1 Chum na gCoirinnteach 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla. 2 Má ṁeasann aoinneaċ go ḃfuil eolas ar aon niḋ aige, ní ḟuil eolas aige ar niḋ ar biṫ mar ba ċóir; 3 aċt má tá gráḋ ag duine do Ḋia, is eolaċ dó an duine sin. 4 Uime sin i dtaoḃ biaḋ d’iṫe atá íobarṫa d’íoḋalaiḃ, atá a ḟios againn naċ éinniḋ íoḋal ar doṁan, agus naċ ḃfuil ann aċt aon Dia aṁáin. 5 Óir bíoḋ go ḃfuil neiṫe go dtugtar déiṫe orṫa ar neaṁ agus ar talaṁ; mar tá a lán déiṫe agus a lán tiġearnaí ann; 6 mar sin féin n ḟuil againne aċt aon Dia aṁáin, an tAṫair, ó n‐a dtagann gaċ uile niḋ, agus sinne le n‐a aġaiḋsean; agus aon Tiġearna Íosa Críost aṁáin, tré n‐a ḃfuil an uile niḋ ann, agus sinne tríd‐sean. 7 Aċt ní ḟuil an t‐eolas sin ag gaċ duine; óir atá daoine ann atá cleaċtuiġṫe ar an íoḋal, iṫeas a mbiaḋ mar ḃiaḋ íoḋbartar d’íoḋal; agus ó ṫárla a gcoinsias ḃeiṫ lag, saluiġtear é. 8 Aċt ní molfar sinn i ḃfiaḋnaise Dé ar son biḋ; óir muna n‐iṫimíd ní miste sinn é, agus má iṫimíd, ní fearr‐de sinn é. 9 Aċt taḃraiḋ do ḃur n‐aire naċ mbéaḋ an tsaoirse sin agaiḃ ’n‐a ceap tuisliḋ do’n dream atá lag. 10 Óir má ċíonn aon duine ṫusa go ḃfuil eolas agat id’ ṡuiḋe ċum biḋ i dteampall an íoḋail, naċ neartóċar coinsias an té atá lag ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe? 11 Agus de ċionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráṫair go ḃfuair Críost bás ar a ṡon. 12 Mar sin de, ag peacú i n‐aġaiḋ na mbráṫar agus ag lot a gcoinsiais laig, is aṁlaiḋ ṗeacuiġeas siḃ i n‐aġaiḋ Ċríost. 13 D’á ḃriġ sin, má ḃeir biaḋ aḋḃar scannail dom’ ḃráṫair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuisliḋ roiṁ mo ḃráṫair. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society