1 Chum na gCoirinnteach 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 An láṁann aoinneaċ agaiḃ, go ḃfuil cúis aige i n‐aġaiḋ duine eile, an ċúis do ṗléiḋe os cóṁair luċta na h‐éagcóra, i n‐ionad an ċúis do ċur fá ḃreiṫ na naoṁ? 2 Naċ eol daoiḃ gur ab iad na naoiṁ do‐ḃéarfas breiṫeaṁnas ar an saoġal? Agus má’s fá n‐ḃur mbreiṫeaṁnas‐sa ṫiocfas an saoġal, naċ ḃfuil ar ċumas daoiḃ na neiṫe is suaraiġe do ḃreaṫnú? 3 Naċ eol daoiḃ go dtiuḃraimíd‐ne breiṫeaṁnas ar aingliḃ? Naċ mó ’ná sin go mór ar neiṫiḃ ḃaineas leis an saoġal so? 4 Uime sin, má tá neiṫe de’n tsaoġal so le breaṫnú agaiḃ, cad ċuige ḋaoiḃ daoine naċ ḃfuil meas na h‐eaglaise orṫa do ċur ag taḃairt breiṫeaṁnais? 5 Is ċum náire do ċur oraiḃ laḃraim liḃ. Arḃ’ ḟéidir naċ ḃfuil ’n‐ḃur measc duine eagnaiḋe aṁáin d’ḟéadfaḋ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt idir a ḃráiṫriḃ? 6 Aċt is aṁlaiḋ ḃíos bráṫair ag dul ċum dliġe le bráṫair eile, agus sin i láṫair daoine gan creideaṁ. 7 Ċeana féin is mór an loċt oraiḃ ḃeiṫ ag dul ċum dliġe le n‐a ċéile. Cad ċuige ḋaoiḃ gan fulang leis an éagcóir? Cad ċuige ḋaoiḃ gan fulang leis an ḃfeall? 8 Aċt is aṁlaiḋ do‐ġní siḃ féin éagcóir agus feall, agus sin ar ḃur mbráiṫriḃ féin. 9 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe, 10 ná luċt sainnte, ná meisceoirí, ná masluiġṫeoirí, ná foġlaiḋṫe, ní ḃfaiġiḋ siad‐san ríoġaċt Dé mar oiḋreaċt. 11 Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé. 12 Atá gaċ uile niḋ dlisteanaċ dom, aċt ní ḟuil gaċ uile niḋ tairḃeaċ: atá gaċ uile niḋ dlisteanaċ dom, aċt ní cuirfear mé fá smaċt aon niḋ ḋíoḃ. 13 An biaḋ do’n ḃolg, agus an bolg do’n ḃiaḋ; aċt cuirfiḋ Dia deireaḋ leo araon. Anois ní le h‐aġaiḋ striapaċais atá an ċolann, aċt le h‐aġaiḋ an Tiġearna; agus atá an Tiġearna le h‐aġaiḋ na colna. 14 Agus do ṫóg Dia an Tiġearna, agus tógfaiḋ sé suas sinne, leis, tré n‐a ċuṁaċt. 15 Naċ eol daoiḃ gur baill do Ċríost ḃur gcuirp? Má’s mar sin é, an nglacfad‐sa baill Ċríost ċum baill méirdriġe do ḋéanaṁ ḋíoḃ? Nár leigiḋ Dia é. 16 Naċ eol daoiḃ an té ċlaoiḋeas le méirdriġ gur ab aon ḟeoil aṁáin léi é? óir béiḋ an dias ’n‐a n‐aon ḟeoil aṁáin le ċéile, adeir sé. 17 Aċt an té ċlaoiḋeas leis an Tiġearna, is aon spiorad aṁáin leis é. 18 Seaċnaiḋ an striapaċas. Gaċ peacaḋ do‐ġní an duine atá sé taoḃ amuiġ de’n ċorp; aċt an té do‐ġní striapaċas, do‐ġní sé peacaḋ i n‐aġaiḋ a ċuirp féin. 19 Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia? 20 agus ní liḃ féin siḃ; óir do ceannuiġeaḋ siḃ go daor; d’á ḃriġ sin taḃraiḋ glóir do Ḋia ’n‐ḃur gcorp. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society