Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Atá sé d’á iomráḋ le deiṁne go ḃfuil striapaċas ’n‐ḃur measc, striapaċas naċ ḃfuil le fáġáil i measc na gCiniḋeaḋaċ féin, is é sin go mbéaḋ bainċéile a aṫar ag duine éigin.

2 Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so.

3 Im’ ṫaoḃ‐sa, naċ ḃfuil i láṫair i bpearsain, aċt atá i láṫair i spiorad, atá breiṫeaṁnas taḃarṫa agam ċeana,

4 i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ar an duine do‐rinne an droċ‐ġníoṁ sin, fá mar ḃéinn i láṫair, ar mbeiṫ ḋaoiḃ‐se agus dom’ spiorad‐sa cruinn le ċéile, le cuṁaċt ár dTiġearna Íosa,

5 go dtugtar a leiṫéid sin de ḋuine suas do Ṡátan ċum scriosta na colna, ionnas go saorfaiḋe an spiorad i ló an Tiġearna Íosa.

6 Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?

7 Glanaiḋ amaċ an sean‐laiḃín ar fad, ċum go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃur gcnap úr‐nua, do réir mar tá siḃ gan laiḃín. Óir atá ár n‐uan cásca, is é sin Críost, íoḋbarṫa.

8 Sollaṁnuiġmís an ḟéile, mar sin, ní h‐é le sean‐laiḃín, ná le laiḃín na mailíse agus na cuirpṫeaċta, aċt le h‐arán gan laiḃín, arán an ionnracais agus na fírinne.

9 Do scríoḃas ċugaiḃ im’ litir gan baint ḃeiṫ agaiḃ le luċt striapaċais;

10 ní h‐iad luċt striapaċais an tsaoġail seo go h‐uile atá i gceist, ná luċt sainnte, ná luċt goidṫe, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa; óir dob’ éigean daoiḃ san ċás sin imṫeaċt ó’n tsaoġal ar fad.

11 Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.

12 Óir cia an ċuid dem’ ġnó‐sa ḃeiṫ ag taḃairt breiṫeaṁnais ar an dream atá amuiġ? Naċ ar an dream atá istiġ do‐ḃeir siḃ‐se breiṫeaṁnas?

13 Aċt is é Dia do‐ḃeir breiṫeaṁnas ar na daoiniḃ atá amuiġ. Cuiriḋ amaċ as ḃur measc an cuirpṫeaċ úd.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan