Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.

2 Ṫairis sin is é rud éiliġtear ar ṁaoraiḃ ḃeiṫ dílis.

3 Aċt is rí‐ḃeag liom‐sa go dtiuḃraḋ siḃ‐se breiṫeaṁnas orm, nó go dtiuḃraḋ daoine eile breiṫeaṁnas orm; go deiṁin, ní ṫugam breiṫeaṁnas orm féin.

4 Óir ní fios dom éinniḋ im’ ċoinniḃ féin; aċt ní ḟíréanuiġeann sin mé: óir is é an Tiġearna ḃeireas breiṫeaṁnas orm.

5 D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.

6 Anois, a ḃráiṫre, san méid aduḃras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é ċum go ḃfoġlaimeoċaḋ siḃ uainn gan dul ṫar a ḃfuil scríoḃṫa; ċum naċ mbéiḋ siḃ lán d’uaḃar i n‐éadan a ċéile.

7 Óir cia rinne duine ar leiṫ ḋíot‐sa? agus créad atá agat naċ ḃfuarais? agus má fuarais féin é, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ, aṁail agus naċ ḃfuarais é?

8 Atá ḃur sáiṫ agaiḃ ċeana, atá siḃ saiḋḃir ċeana, atá siḃ suiḋte i gcoróin ċeana gan fanaṁain linn; agus go deiṁin dob’ ḟearr liom siḃ ḃeiṫ suiḋte i gcoróin, ċum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinḟeaċt liḃ.

9 Óir saṁluiġtear dom go ndearna Dia sampla dínne abstail mar ḋream is úirísle ar biṫ, mar ḋaoine atá daorṫa ċum báis; óir atáimíd ’n‐ár sampla poibliḋe i ḃfiaḋnaise na n‐aingeal agus na ndaoine.

10 Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.

11 Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnoċt, agus tugtar droċ‐íde orainn, agus ní ḟuil aon ċóṁnaiḋe ḃuan againn;

12 bímíd ag obair go dian le n‐ár láṁaiḃ féin: nuair masluiġtear sinn, do‐ḃeirimíd beannaċt; nuair do‐ġnítear géirleanṁain orainn, fulaingmíd leis;

13 nuair díbliġtear sinn, laḃraimíd go séiṁ; do‐rinneaḋ dríodar an tsaoġail dínn, deascaḋ an uile niḋ go dtí an lá so atá ann.

14 Ní ċum náire do ċur oraiḃ scríoḃaim na neiṫe seo, aċt ċum teagasc do ṫaḃairt daoiḃ, mar ċlann ionṁain liom.

15 Óir bíoḋ go ḃfuil deiċ míle oide i gCríost agaiḃ, ní ḟuil a lán aiṫreaċ agaiḃ: óir is mise do ġein i nÍosa Críost tríd an soiscéal siḃ.

16 Aṫċuinġim oraiḃ, d’á ḃriġ sin, mo lorg‐sa do leanaṁain.

17 Ċuige sin is eaḋ do ċuireas Timótéus ċugaiḃ, mo ṁac ionṁain féin atá díleas san Tiġearna; cuirfiḋ seisean i gcuiṁin daoiḃ mo ṡliġṫe atá i gCríost, mar ṁúinim‐se ins gaċ áit, ins gaċ eaglais iad.

18 Aċt atá dream ann atá lán d’uaḃar, aṁlaiḋ agus naċ raḃas ag teaċt.

19 Aċt tiocfad ċugaiḃ gan ṁoill, má’s toil le Dia é, agus aiṫneoċad, ní h‐í cainnt an dreama atá go h‐uaiḃreaċ, aċt an cumas atá aca.

20 Óir ní i mbriaṫraiḃ béil atá ríoġaċt Dé, aċt i gcuṁaċt.

21 Créad dob’ áil liḃ? An le slait ṫiocfad? nó le gráḋ, agus le spiorad caoiṁnis?

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan