1 Chum na gCoirinnteach 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, níor ḟéadas laḃairt liḃ‐se mar laḃarfainn le daoiniḃ spioradálta, aċt mar laḃarfainn le saoġaltánaċaiḃ, le leanḃaiḃ i gCríost. 2 Is le bainne do ḃeaṫuiġeas siḃ, agus níor le biaḋ é; mar ní raiḃ ar ċumas daoiḃ a ġlacaḋ: agus anois féin ní ḟuil sé ar ḃur gcumas; mar tá siḃ colnaiḋe fós: 3 óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine? 4 Óir nuair adeir duine aṁáin, Is le Pól mise; agus duine eile, Is le h‐Apollos mise; naċ ḃfuil siḃ ’n‐ḃur saoġaltánaċaiḃ? 5 Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é. 6 Do ċuireas‐sa an síol, do ċraiṫ Apollos an t‐uisce, aċt is é Dia ṫug an fás. 7 D’á ḃriġ sin, ní h‐éinniḋ an té ċuireas, ná an té ċraiṫeas uisce, aċt Dia do‐ḃeir an fás. 8 Anois is ionann an té ċuireas síol agus an té ċraiṫeas uisce; aċt do‐ġeoḃaiḋ gaċ aoinneaċ a ṫuarastal féin do réir a ṡaoṫair. 9 Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé. 10 Do réir grása Dé tugaḋ ḋom mar árd‐ṡaor cliste, do ċuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air. 11 Óir ní ḟéadann aon duine bun ar biṫ do ċur aċt an bun atá curṫa ċeana, is é sin Íosa Críost. 12 Agus má ṫógann aon duine ar an mbun so ór, airgead, cloċa luaċṁara, aḋmad, féar, nó connlaċ, noċtfar obair gaċ aon duine: 13 óir foillseoċaiḋ an lá é, de ḃriġ go ndéanfar soiléir é san teiniḋ; agus déanfaiḋ an teine féin a ċruṫú cia an cineál obair gaċ duine. 14 Má ṡeasann an obair do ṫóg aon duine air, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ a ṡaoṫair. 15 Má dóiġtear obair aon duine, béiḋ caill air: aċt saorfar é féin; aṁail agus dá mba tré ṫeiniḋ é. 16 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ? 17 Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaiḋ Dia an duine sin; óir atá teampall Dé naoṁṫa, agus is siḃ‐se é. 18 Ná meallaḋ aon duine é féin. Má ṁeasann aon duine ḋíḃ ḃeiṫ glic san tsaoġal so, bíoḋ sé ’n‐a amadán, ċum go n‐éireoċaḋ sé glic. 19 Óir is díṫ‐céille le Dia gliocas an tsaoġail seo, mar tá scríoḃṫa, Greamuiġeann sé luċt gliocais ’n‐a ngastaċt féin: 20 agus arís, Is eol do Ḋia smaointe na n‐eagnaiḋe, gur díoṁaointeas iad. 21 Uime sin, ná déanaḋ duine ar biṫ maoiḋṁeaċas as daoiniḃ. 22 Óir is liḃ‐se an uile niḋ; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoġal, nó beaṫa, nó bás, nó neiṫe atá de láṫair, nó neiṫe atá le teaċt; is liḃ‐se iad uile; 23 agus is le Críost siḃ‐se; agus is le Dia Críost. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society