Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, nuair ṫánag ċugaiḃ, ní le h‐árd‐ċainnt ná le gliocas ṫánag, ag fógairt rúindiamaire Dé ḋaoiḃ.

2 Óir ḃí sé de rún agam gan aon eolas ḃeiṫ agam ’n‐ḃur measc aċt aṁáin ar Íosa Críost, agus é céasta.

3 Agus do ḃíos i n‐éinḟeaċt liḃ i laige, agus i n‐eagla, agus i gcrioṫnú mór.

4 Agus ní briaṫra blasta gliocais do ḃí im’ ċainnt agus im’ ṡeanmóireaċt, aċt lán‐dearḃú an Spioraid agus cuṁaċt:

5 ċum, naċ ar ġliocas daonna, aċt ar ċuṁaċt Dé, do ṡeasfaḋ ḃur gcreideaṁ.

6 Aċt ċeana laḃraimíd eagnaiḋeaċt i measc na ndaoine n‐eolgaċ: ní h‐í eagnaiḋeaċt an tsaoġail seo í, ná eagnaiḋeaċt luċt ceannais an tsaoġail seo atá ag dul ar neaṁniḋ:

7 aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;

8 eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire:

9 aċt mar atá scríoḃṫa, Ní ḟaca súil, agus ní ċuala cluas, Ní ṫáinig isteaċ i gcroiḋe an duine, Na neiṫe do ċuir Dia i n‐áiriṫe do na daoiniḃ go ḃfuil gráḋ aca ḋó.

10 Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.

11 Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neiṫe ḃaineas leis an duine, aċt aṁáin spiorad an duine atá istiġ ann? Ar an geuma ċéadna sin ní h‐eol d’aoinneaċ na neiṫe ḃaineas le Dia, aċt aṁáin do Spiorad Dé.

12 Aċt ní h‐é spiorad an tsaoġail fuaramair‐ne, aċt an spiorad ṫig ó Ḋia; ċum go mbéaḋ eolas againn ar na neiṫiḃ ḃronnas Dia go fial orainn.

13 Is ar na neiṫiḃ sin laḃraimíd, ní i mbriaṫraiḃ ṁúineas eagna ḋaonna, aċt an méid ṁúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neiṫe spioradálta le neiṫiḃ spioradálta.

14 Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.

15 Aċt an té atá spioradálta breaṫnuiġeann sé an uile niḋ, agus ní ḟuil sé fá ḃreiṫ duine ar biṫ.

16 Óir cia h‐é do ṫuig aigne an Tiġearna, go dtiuḃraḋ sé teagasc dó? Aċt is í aigne Ċríost atá againne.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan