1 Chum na gCoirinnteach 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois i dtaoḃ an ḃailiġṫe i gcóṁair na naoṁ, déanaiḋ‐se do réir mar d’órduiġeas d’eaglaisiḃ na Galátia. 2 Cuireaḋ gaċ duine agaiḃ rud i leaṫtaoiḃ i dtaisce san mbaile, do réir a acfuinne, ċum naċ mbéiḋ aon ḃailiú d’á ḋéanaṁ nuair ṫiocfad‐sa. 3 Agus nuair ṫiocfad, cuirfead na daoine ḃéas toġṫa agaiḃ le litreaċaiḃ ċum ḃur dtaḃartas do ḃreiṫ leo go hIarúsalem: 4 agus má’s cuiḃe ḋom féin dul, raċaiḋ siad‐san i n‐éinḟeaċt liom. 5 Aċt tiocfad ċugaiḃ tar a éis dom dul tríd an Ṁaiceaḋóin, óir atáim ag dul tríd an Maiceadóin; 6 agus is féidir go ḃfanfad, nó go gcaiṫfead an geiṁreaḋ ’n‐ḃur ḃfoċair, ċum go gcuirfiḋ siḃ ar aġaiḋ mé, cibé áit ċum a ráċad. 7 Óir ní mian liom siḃ d’ḟeicsin an t‐am so ar an sliġe ḋom; mar tá súil agam fanaṁain tamall ’n‐ḃur ḃfoċair, má’s toil le Dia é. 8 Aċt fanfad i nÉiféis, go Cingcís; 9 óir atá doras mór fóġanta ar ḟoscailt róṁam, agus is mór a lán náṁad atá ann. 10 Má ṫagann Timótéus, féaċ ċuige go mbéiḋ sé gan eagla ’n‐ḃur ḃfoċair: óir atá sé ag déanaṁ oibre an Tiġearna, 11 mar táim‐se ḋá déanaṁ: ná déanaḋ aoinneaċ beag‐is‐fiú ḋe. Aċt cuiriḋ ar aġaiḋ ar a aistear é i síoṫċáin, ċum go dtiocfaiḋ sé ċugam; óir atáim ag súil leis i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ. 12 Aċt i dtaoḃ an ḃráṫar Apollos, d’impiḋeas go dian air teaċt ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ: agus ní raiḃ fonn dá laiġead air teaċt anois; aċt tiocfaiḋ sé nuair ḃéas faill aige ċuige. 13 Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir. 14 Gaċ a ndéanann siḃ, déanaiḋ i ngráḋ é. 15 Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ, 16 agus do gaċ duine atá ag cóṁoibriú agus ag saoṫrú. 17 Agus atá áṫas orm mar ġeall ar ṫeaċt Steafáin agus Fórtúnatuis agus Aċáicuis: óir do líonadara ar ḟag siḃ i n‐easnaṁ. 18 Óir ṫugadar suaiṁneas spioraid daṁ‐sa agus daoiḃ‐se: bíoḋ meas agaiḃ ar a leiṫéidiḃ‐sean d’á ḃriġ sin. 19 Beannuiġeann eaglaisí na hÁise ḋaoiḃ. Beannuiġeann Acuila agus Prisca go croiḋeaṁail daoiḃ san Tiġearna, i n‐éinḟeaċt leis an eaglais atá ’n‐a dtiġ. 20 Beannuiġeann na bráiṫre go léir daoiḃ. Beannuiġiḋ‐se d’á ċéile le póig naoṁṫa. 21 Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól lem’ láiṁ féin. 22 Cibé duine naċ ngráḋuiġeann an Tiġearna, bíoḋ sé anátema. 23 Maran ata. Go raiḃ gráḋ an Tiġearna Íosa Críost liḃ. 24 Go raiḃ mo ġráḋ‐sa agaiḃ go léir i nÍosa Críost. Amén. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society