Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Anois, a ḃráiṫre, cuirim ar eolas daoiḃ an soiscéal do ṡeanmóireas daoiḃ, gur ġlac siḃ leis, go ḃfuil ḃur seasaṁ air,

2 agus tré n‐a slánuiġtear siḃ, leis; má ċoiṁeádann siḃ go daingean an briaṫar do ṡeanmóireas doiḃ, munar ċreideaḃar go neaṁ‐éifeaċtaċ.

3 Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir:

4 agus gur h‐aḋlacaḋ é: agus gur aiséiriġ sé an treas lá do réir na scrioptúir;

5 agus gur taiḋḃriġeaḋ é do Ċéfas;

6 don dáréag ’n‐a ḋiaiḋ sin; gur taiḋḃriġeaḋ é ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṫuilleaḋ agus cúig céad bráṫair i n‐éinḟeaċt, go ḃfuil an ċuid is mó aca ’n‐a mbeaṫaiḋ fós, aċt go ḃfuil cuid eile aca tuitṫe fá ṡuan.

7 ’N‐a ḋiaiḋ sin taiḋḃriġeaḋ é do Ṡéamas,

8 annsin do na h‐abstalaiḃ uile; agus san deireaḋ, taiḋḃriġeaḋ é ḋaṁ‐sa, mar ḋuine rugaḋ i n‐antráṫ.

9 Óir is mise an té is luġa de na h‐abstalaiḃ, naċ fiú mé ainm abstail do ṫaḃairt orm, de ḃriġ go ndearnas géirleanṁain ar eaglais Dé.

10 Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.

11 Aċt cia aca mise nó iad‐san, is mar sin do‐ġnímid seanmóireaċt, agus is mar sin do ċreideaḃair‐se.

12 Anois, má fógarṫar Críost gur éiriġ sé ó na marḃaiḃ, cionnas adeir cuid agaiḃ naċ ḃfuil aiséirġe na marḃ ann?

13 Muna ḃfuil aiséirġe na marḃ ann, níor éiriġ Críost fós:

14 agus munar éiriġ Críost, atá ár ḃfógairt gan éifeaċt, tá ḃur gcreideaṁ‐sa gan ḃriġ, leis.

15 Agus do‐ġeiḃtear sinne ḃeiṫ ’n‐ár ḃfianaiḋṫiḃ bréige ar son Dé; de ċionn go dtugamar fiaḋnaise i dtaoḃ Dé gur ṫóg sé Críost: an té nár ṫóg sé; má’s fíor naċ dtógtar na mairḃ.

16 Óir muna dtógtar na mairḃ, níor tógaḋ Críost féin fós:

17 agus munar tógaḋ Críost, atá ḃur gcreideaṁ gan éifeaċt; atá siḃ ’n‐ḃur bpeacaiḋiḃ i gcóṁnaiḋe.

18 Mar an gcéadna na daoine atá tuitṫe fá ṡuan i gCríost, atá siad caillte.

19 Má’s san tsaoġal so aṁáin atá dóċas as Críost againn, is sinne na daoine is truaiġe ar biṫ.

20 Aċt anois atá Críost éiriġṫe ó na marḃaiḃ, is é céad‐toraḋ na ndaoine atá fá ṡuan é.

21 Óir fá mar ṫáinig an bás tríd an duine, tríd an duine is eaḋ, leis, ṫáinig an aiséirġe ó na marḃaiḃ.

22 Óir aṁail mar ġeiḃeann gaċ uile ḋuine bás i nÁḋaṁ, mar an gcéadna is eaḋ aiṫḃeoċar gaċ uile ḋuine i gCríost.

23 Aċt gaċ duine ’n‐a ṡeal féin: Críost mar ċéadtoraḋ; ’n‐a ḋiaiḋ sin na daoine is le Críost, nuair ṫiocfas sé.

24 Annsin an deireaḋ, nuair ṫiuḃras sé an ríoġaċt suas do Ḋia, an tAṫair; nuair ċuirfeas sé gaċ ceannas agus gaċ uġdarás agus cuṁaċt ar ceal.

25 Óir caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a riġ nó go gcuiriḋ sé a náiṁde uile fá n‐a ċosaiḃ.

26 Is é an bás an náṁa ḋeiriḋ cuirfear ar ceal.

27 Óir do ċuir sé gaċ uile niḋ fá smaċt fá n‐a ċosaiḃ. Aċt nuair adeir sé, Atá gaċ uile niḋ curṫa fá smaċt, is léir naċ mbaineann sin leis an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas.

28 Agus nuair ḃéas gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, annsin is eaḋ ḃéas an Mac féin fá ċeannas an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, ar ṁoḋ go mbéiḋ Dia ’n‐a uile niḋ do ċáċ.

29 Munarḃ é sin é, créad ḋéanfas na daoine baistear ar son na marḃ? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ ar ċor ar biṫ, cad ċuige a mbaistear iad ar a son?

30 cad ċuige ḋúinne seasaṁ i nguais gaċ uair?

31 Dearḃuiġim, a ḃráiṫre, ar an mbród atá agam asaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna, go ḃfaiġim bás gaċ lá.

32 Má’s ar nós daoine do ṫroideas le h‐ainṁiḋṫiḃ allta i nEiféis, créad é a ṫairḃe ḋom? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ, iṫimís agus ólaimís óir do‐ġeoḃaimíd bás i mbáireaċ.

33 Ná mealltar siḃ: Truailliġeann droċċ‐uideaċta deaġ‐ḃéasa.

34 Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.

35 Aċt atá daoine ann adéarfas, Cionnas aiséiriġeann na mairḃ? agus cia an saġas cuirp ’n‐a dtagann siad?

36 A ḋuine ḋiṫ‐céilliḋe, an síol ċuireas tú féin, ní beoḋuiġtear é muna n‐éagann sé:

37 agus an niḋ ṡíolċuireas tú, ní h‐é an corp ḃéas ann ċuireas tú aċt gráinne lom cruiṫneaċtan, b’ḟéidir,

38 nó arḃair áiriṫe eile: aċt do‐ḃeir Dia corp dó do réir a roġan féin, agus do‐ḃeir sé a ċorp féin do gaċ síol.

39 Ní h‐ionann le ċéile an uile ṡaġas feola: aċt atá feoil ar leiṫ ag daoiniḃ, agus feoil ar leiṫ ag ainṁiḋṫiḃ, agus feoil ar leiṫ ag éanaċaiḃ, agus feoil ar leiṫ ag an iasc.

40 Atá cuirp neaṁḋa ann, agus cuirp ṫalṁaiḋe, leis: aċt is niḋ aṁáin ar leiṫ áilne an ċuirp neaṁḋa, agus niḋ aṁáin eile áilne an ċuirp ṫalṁaiḋe.

41 Atá áilne ar leiṫ ag an ngréin, agus áilne ar leiṫ ag an ngealaiġ, agus áilne ar leiṫ ag na réaltaiḃ; óir atá malairt áilne ag réaltaiḃ le réaltaiḃ eile.

42 Mar sin d’aiséirġe an ċuirp. Curtar an corp ’n‐a niḋ truailliḋe: éiriġeann sé ’n‐a niḋ neaṁṫruailliḋe:

43 curtar é i n‐easonóir; éiriġeann sé i nglóir: curtar é i laige; éiriġeann sé i neart: curtar é mar ċorp nádúrṫa;

44 éiriġeann sé mar ċorp spioradálta. Má tá corp nádúrṫa ann, atá corp spioradálta ann, leis.

45 Mar atá scríoḃṫa, An ċéad duine, Áḋaṁ, ba anam beo é go dtugaḋ an ḃeaṫa ḋó; an tÁḋaṁ deireannaċ, is é do‐ḃeir an ḃeaṫa uaiḋ.

46 Aċt ní h‐é an niḋ spioradálta ba ṫúisce do ḃí ann, aċt an niḋ nádúrṫa; an niḋ spioradálta ’n‐a ḋiaiḋ sin.

47 Ó’n talaṁ do’n ċéad duine, talṁaiḋe: ó neaṁ do’n dara duine.

48 Mar tá an duine talṁaiḋe, is mar sin atá an ṁuinntear ṫalṁaiḋe: agus mar tá an duine neaṁḋa, is mar sin atá an ṁuinntear neaṁḋa.

49 Agus fá mar ḃíomar i gcosaṁlaċt an duine ṫalṁaiḋe, béiḋmíd i gcosaṁlaċt an duine neaṁḋa, leis.

50 Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt.

51 Féaċ, innisim diaṁar‐rún daoiḃ: Ní ċodlóċaimíd uile, aċt curfar malairt croṫa orainn;

52 i móiméad, le sméideaḋ súile, le glór an stuic deiriḋ; óir séidfiḋ an stoc, agus éireoċaiḋ na mairḃ neaṁṫruailliḋe, agus aṫróċar sinn.

53 Óir ní foláir do’n ċorp truailliḋe neaṁṫruailleaċt do ċur uime, agus do’n ċorp so‐ṁarḃṫa do‐ṁarḃaċt do ċur uime.

54 Agus nuair ċuirfeas an corp truailliḋe neaṁṫruailleaċt uime, tiocfaiḋ ċum críċe an focal atá scríoḃṫa, Atá an bás sloigṫe i mbuaiḋ.

55 A ḃáis, cá ḃfuil do ḃuaiḋ?

56 A ḃáis, cá ḃfuil do ċealg? Is é an peacaḋ cealg an ḃáis; agus is é an dliġe neart an ṗeacaiḋ.

57 Aċt buiḋeaċas le Dia do‐ḃeir an ḃuaiḋ ḋúinn tríd ár dTiġearna Íosa Críost.

58 Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan