Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Loirgiḋ an gráḋ: aċt cuiriḋ suim i mbronntanaisiḃ spioradálta, an ḟáiḋeadóireaċt go h‐áiriṫe.

2 Óir an duine laḃras i dteangain, ní le daoiniḃ laḃras sé, aċt le Dia, mar ní ṫuigeann aoinneaċ é: giḋ go laḃrann sé rúindiaṁra san spiorad.

3 Aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, laḃrann sé le daoiniḃ g‐á spreagaḋ, g‐á mbrostú, agus g‐á gcóṁḟortú.

4 An té laḃras i dteangain, spreagann sé é féin; aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, spreagann sé an eaglais.

5 Ba ṁaiṫ liom go laḃarfaḋ siḃ uile i dteangṫaċaiḃ, aċt dob’ ḟearr liom go mór go ndéanfaḋ siḃ fáiḋeadóireaċt: mar is fearr go mór an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt ’ná an té laḃras i dteangṫaċaiḃ, muna míniġiḋ sé, ċum go ḃfaiġiḋ an eaglais beannaċt.

6 Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?

7 Na neiṫe féin atá gan anam, ag déanaṁ fuama ḋóiḃ, má’s fliúit nó cláirseaċ iad, muna mbíonn idirḋealú ins na fuamaiḃ, cionnas aiṫneoċar an port seinntear ar an ḃfliúit nó ar an gcláirsiġ?

8 Óir muna dtugaiḋ an stoc glór soiléir, cia ġléasfas é féin ċum caṫa?

9 Is mar sin daoiḃ‐se, muna laḃraiḋ siḃ briaṫra so‐ṫuigseana leis an teangain, cionnas aiṫneoċar briġ an niḋ adeirtear? Ag laḃairt san aer ḃéas siḃ.

10 Gan aṁras is iomḋa cineál teangan atá san doṁan, agus ní ḟuil einniḋ gan guṫ.

11 Mar sin de, muna dtuigim‐se briġ an ġoṫa, béiḋead im’ ċoigríoċaċ ag an té laḃras, agus béiḋ an té laḃras ’n‐a ċoigríoċaċ agam‐sa.

12 Ar an aḋḃar sin, de ḃriġ go sanntuiġeann siḃ bronntainisí spioradálta, iarraiḋ gur ab é leas na h‐eaglaise ḃéas mar ċúram oraiḃ.

13 Uime sin, an té laḃras i dteangain, guiḋeaḋ sé go mbéiḋ ar ċumas dó an míniú do ṫaḃairt.

14 Óir má ġním urnaiġe i dteangain, do‐ġní mo spiorad urnaiġe, aċt bíonn mo ṫuigsin ċinn gan toraḋ.

15 Créad eile má’s eaḋ? Déanfad urnaiġe leis an spiorad, agus déanfad urnaiġe leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ.

16 Muna mbéaḋ sin, má ḃeir tú buiḋeaċas leis an spiorad, an té atá gan eolas, cionnas adéarfas sé Amen, agus tú ag breiṫ buiḋeaċais?

17 Is fíor go ḃfuil tú ag breiṫ buiḋeaċais, aċt ní h‐aon ċongnaṁ do’n duine eile é.

18 Ḃeirim buiḋeaċas le Dia go laḃraim i dteangṫaċaiḃ níos mó ’ná siḃ go léir:

19 aċt dob’ ḟearr liom cúig focail do laḃairt lem’ ṫuigsin ċinn san eaglais, ċum teagasc do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ eile, ná deiċ míle focal i dteangain.

20 A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.

21 Atá scríoḃṫa san dliġe, Le luċt laḃarṫa teangṫaċ eile agus as béalaiḃ coigríoċaċ is eaḋ laḃarfad leis an bpobal so; agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ní éistfiḋ siad liom, adeir an Tiġearna.

22 Mar sin de is mar ċóṁarṫa atá teangṫaċa ann, ní h‐é do luċt an ċreidiṁ, aċt do luċt an dí‐ċreidiṁ; aċt ní le h‐aġaiḋ na ndí‐ċreideaṁaċ, aċt le h‐aġaiḋ na gcreidṁeaċ atá an ḟáideadóireaċt.

23 Uime sin, nuair ḃíos an eaglais uile cruinn le ċéile, agus go laḃrann an uile ḋuine i dteangṫaċaiḃ, agus go dtagann daoine aineolaċa isteaċ, agus daoine naċ gcreideann, naċ n‐abróċaiḋ siad gur ar mire atá siḃ?

24 Aċt má’s ag fáiḋeadóireaċt ḃíos gaċ aoinneaċ, agus go dtagann duine díċreidṁeaċ nó duine aineolaċ isteaċ, bíonn sé d’á spreagaḋ ag cáċ, bíonn sé fá ḃreiṫ cáiċ; noċtar rúna a ċroiḋe;

25 agus ar ṁoḋ go dtuitfiḋ sé ar a aġaiḋ faoi agus go n‐aḋarfaiḋ sé Dia, g‐á ráḋ go ḃfuil Dia dá ríriḃ ’n‐ḃur measc.

26 Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.

27 Má laḃrann aon duine i dteangain, laḃraḋ beirt, nó triúr, an ċuid is mó ḋe, i ndiaiḋ a ċéile;

28 agus déanaḋ duine aṁáin an míniú: aċt muna mbíonn míniġṫeoir ann, fanaḋ sé ’n‐a ṫost san eaglais; agus laḃraḋ sé leis féin agus le Dia.

29 Laḃraḋ beirt nó triúr de na fáiḋiḃ, agus déanaḋ an ċuid eile breiṫeaṁnas.

30 Aċt má tugtar foillsiú do ḋuine eile atá ’n‐a ṡuiḋe ann, bíoḋ an ċéad ċainnteoir ’n‐a ṫost.

31 Óir tig liḃ uile fáiḋeadóireaċt do ḋéanaṁ ’n‐ḃur nduine agus ’n‐ḃur nduine, ċum go dtugtar teagasc agus spreagaḋ do gaċ aoinneaċ;

32 agus bíonn spioraidí na ḃfáiḋ fá smaċt na ḃfáiḋ;

33 óir ní Dia mí‐riaġaltaċta é Dia, aċt is é Dia na síoṫċána é; mar is aṁlaiḋ atá i n‐eaglaisiḃ uile na naoṁ.

34 Bíoḋ na mná ’n‐a dtost ins na h‐eaglaisiḃ: óir ní ceaduiġtear dóiḃ laḃairt; aċt bíoḋ siad ómósaċ, mar deir an dliġe.

35 Agus má’s áil leo niḋ ar biṫ d’ḟoġlaim, cuiridís ceist ar a ḃfearaiḃ féin san mbaile: óir ní cuiḃe do ṁnaoi laḃairt san eaglais.

36 An uaiḃ‐se do ċuaiḋ briaṫar Dé amaċ? nó, an ċugaiḃ‐se aṁáin ṫáinig sé?

37 Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad.

38 Aċt má tá duine ar biṫ gan eolas, bíoḋ sé gan eolas.

39 Uime sin, a ḃráiṫre, cuiriḋ an‐tsuim san ḃfáiḋeadóireaċt, agus ná cuiriḋ cosc le laḃairt i dteangṫaċaiḃ.

40 Aċt déantar an uile niḋ go stuamḋa, deaġ‐riaġalta.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan