1 Chum na gCoirinnteach 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Dá laḃrainn le teangṫaċaiḃ daoine agus aingeal, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuilim aċt mar ḃéaḋ prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneaċt. 2 Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt. 3 Agus dá mbronnainn mo ṁaoin ṡaoġalta ċum na boiċt do ċoṫú, agus dá dtaḃarainn mo ċorp d’á loscaḋ, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuil tairḃe dá laiġead agam d’á ḃárr. 4 Atá an gráḋ foiġdeaċ, deaġċroiḋṫeaċ; ní ġlacann sé formad; ní ḋéanann an gráḋ maoiḋṁeaċas ná baoṫġlór; 5 ní ḋéanann sé mí‐ġreann, ní loirgeann sé a leas féin, ní ḟuil sé so‐ḃrostuiġṫe ċum feirge, 6 ní ġlacann sé droċ‐aṁras, ní ḋéanann sé gáirdeaċas mar ġeall ar an éagcóir, aċt ġníonn sé gáirdeaċas fá’n ḃfírinne; 7 foiḋniġeann sé le gaċ niḋ, creideann sé an uile niḋ, cuireann sé muiniġin as gaċ uile niḋ, fulaingeann sé an uile niḋ. 8 Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal. 9 Óir ní ḟuil aċt eolas neaṁ‐ċruinn againn, agus is fáiḋeadóireaċt neaṁ‐ċruinn do‐ġnímíd: 10 aċt nuair ṫiocfas foirḃṫeaċt i gcríċ, curfar deireaḋ leis an niḋ atá neaṁ‐iomlán. 11 Nuair do ḃíos im’ leanḃ, do laḃras nós leinḃ, do ṫuigeas mar ṫuigfeaḋ leanḃ, is ciall leinḃ do ḃí agam: aċt ar mbeiṫ im’ ḟear dom, do ḃíos réiḋ le neiṫiḃ leanḃaiḋe. 12 Óir ċímíd anois mar ḃéaḋ go doiléir i scaṫán; aċt ċífimíd éadan a ċéile an t‐am sin: anois atá aiṫne neaṁ‐ċruinn againn, aċt aiṫneoċad an t‐am sin fá mar aiṫniġtear mé féin. 13 Anois fanann na trí neiṫe seo, an creideaṁ, an dóċas agus an gráḋ: aċt an niḋ is mó díoḃ is é an gráḋ é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society