Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Anois is dtaoḃ tíoḋlaicṫe spioradálta, a ḃráiṫre, níorḃ áil liom siḃ ḃeiṫ gan eolas.

2 Is eol daoiḃ an tráṫ ’n‐a raḃaḃar ’n‐ḃur bpágánaċaiḃ, gur cuireaḋ siḃ amuġa ar lorg na h‐íoḋal mbalḃ, do réir mar treoruiġeaḋ siḃ.

3 D’á ḃriġ sin do‐ḃeirim le tuigsin daoiḃ naċ n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluiġṫe, agus é ag laḃairt le Spiorad Dé; agus naċ ḃféadann aon duine, Is é Íosa an Tiġearna, a ráḋ, aċt tríd an Spiorad Naoṁ.

4 Anois atá tíoḋlaicṫe éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil aċt aon Spiorad aṁáin ann.

5 Agus atá miniostrálaċta éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil aċt aon Tiġearna aṁáin ann.

6 Agus atá oibreaċa éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin do‐ġní an uile niḋ san uile ḋuine.

7 Aċt tugtar foillsiú an Spioraid do gaċ duine ċum tairḃe i gcoitċinne.

8 Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna:

9 do ḋuine eile creideaṁ tríd an Spiorad céadna; do ḋuine eile buaiḋ an leiġis tríd an Spiorad céadna;

10 do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú;

11 aċt is é an t‐aon Spiorad aṁáin do‐ġní na neiṫe sin uile, g‐á roinnt ar gaċ duine do réir mar is toil leis féin é.

12 Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.

13 Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.

14 Óir ní h‐aon ḃall aṁáin, aċt mórán atá san ċorp.

15 Dá n‐abraḋ an ċos, De ḃriġ naċ mise an láṁ, ní cuid de’n ċorp mé; ara ṡon sin an é naċ ball de’n ċorp í?

16 Agus dá n‐abraḋ an ċluas, De ḃriġ naċ mise an tsúil, naċ cuid de’n ċorp í ar a ṡon sin?

17 Dá mba súil an corp uile, cá mbéaḋ an éisteaċt? Dá mba naċ raiḃ san gcorp uile aċt éisteaċt, cá mbéaḋ an ḃolaṫaiḋeaċt?

18 Aċt is aṁlaiḋ do ċuir Dia na baill san gcorp, gaċ ball díoḃ do réir a ṫola féin.

19 Dá mb’ aṁlaiḋ naċ raiḃ ionnta aċ aon ḃall aṁáin, cá mbéaḋ an corp?

20 Aċt is aṁlaiḋ atá a lán ball ann gan aċt aon ċorp aṁáin ḃeiṫ ann.

21 Agus ní féidir leis an súil a ráḋ leis an láiṁ, Ní ḟuil feiḋm agam leat‐sa; ná leis an gceann a ráḋ leis na cosaiḃ, Ní ḟuil feiḋm agam liḃ‐se.

22 Ní h‐eaḋ, aċt na baill de’n ċorp is laige, do réir, deallraiṁ,

23 is iad is riaċtanaiġe: agus na baill de’n ċorp is luġa onóir, do réir ár dtuairime, is iad is mó go dtugaimíd onóir dóiḃ; agus na baill againn is luġa maise, is iad is mó ḃíos d’á maiseaḋ againn,

24 aċt ní ṫeastuiġeann sin ó na ballaiḃ is maiseaṁla. Aċt is é Dia do ċóiṁċeangail an corp le ċéile, ag taḃairt na h‐onóra is mó do’n ḃall sin go ḃfuil gáḃaḋ aige léi,

25 ċum naċ mbéaḋ aon deaġailt san gcorp, aċt go dtiuḃraḋ na baill aon ċúram aṁáin d’á ċéile.

26 Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.

27 Anois is siḃ‐se corp Ċríost, agus gaċ duine ’n‐a ḃall ar leiṫ.

28 Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ.

29 An abstail iad uile? An faiḋí iad uile?

30 An oidí iad uile? An ḃfuil buaiḋ an leiġis aca uile? An laḃrann siad uile as teangṫaċaiḃ?

31 An ndéanann siad uile míniú? Aċt sanntuiġiḋ lé díoġrais na tíoḋlaicṫe is fearr. Agus anois noċtfad sliġe ḋaoiḃ atá níos fearr go mór.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan