Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na gCoirinnteach 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Déanaiḋ aiṫris orm‐sa, mar ḋéanaim féin aiṫris ar Ċríost.

2 Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad.

3 Aċt is mian liom a ṫaḃairt le fios daoiḃ, gur ab é Críost ceann gaċ fir; agus gur ab é an fear ceann na mná, agus gur ab é Dia ceann Ċríost.

4 Fear ar biṫ do‐ġní urnaiġe nó fáiḋeadóireaċt agus a ċeann clúduiġṫe, do‐ḃeir sé easonóir d’á ċeann.

5 Aċt bean ar biṫ do‐ġní urnaiġe nó fáiḋeadóireaċt gan caille ar a ceann, do‐ḃeir sí easonóir d’á ceann: mar is ionann sin agus a ḃeiṫ bearrṫa ḋi.

6 Óir muna mbíonn caille ar ċeann na mná, gearrtar a gruaig, aċt má’s nár do’n mnaoi a gruaig ḃeiṫ gearrṫa nó ḃeiṫ bearrṫa, cuireaḋ sí caille uirṫi féin.

7 Óir níor ċóir do’n ḟear a ċeann do ċlúdú, de ḃriġ gur ab é íoṁáiġ agus glóir Dé é: aċt is í an ḃean glóir an ḟir.

8 Óir ní ó’n mnaoi do rinneaḋ an fear; aċt is ó’n ḃfear do rinneaḋ an ḃean:

9 óir ní ar son na mná do cruṫuiġeaḋ an fear; aċt an ḃean ar son an ḟir:

10 ar an aḋḃar sin ba ċeart go mbéaḋ cóṁarṫa an uġdaráis ar a ceann, mar ġeall ar na h‐aingliḃ.

11 Aċt ċeana, san Tiġearna, ní ḃíonn fear i n‐éagmais na mná, ná an ḃean i n‐éagmais an ḟir.

12 Óir fá mar ṫáinig an ḃean ó’n ḃfear, ar an gcuma ċéadnais tríd an mnaoi atá an fear ann;

13 aċt is ó Ḋia atá an uile niḋ ann. Breaṫnuiġiḋ eadraiḃ féin: an cuiḃe do ṁnaoi guiḋe ċum Dé gan caille ḃeiṫ ar a ceann?

14 Naċ múineann an nádúir gur nár do’n ḟear gruaig ḟada ḃeiṫ air?

15 Aċt má ḃíonn gruaig ḟada ar ṁnaoi, is í a glóir í; mar tugaḋ a gruaig mar ċlúdaċ di.

16 Aċt má’s mian le h‐aon duine ḃeiṫ conspóideaċ, ní ḟuil a leiṫéid sin de ġnás againn, agus ní ḟuil ag eaglaisiḃ Dé.

17 Ag taḃairt an ḟógra so ḋaoiḃ ní ṁolaim siḃ, mar ní fearr‐de siḃ ḃur dteaċt i gceann a ċéile, aċt is miste siḃ é.

18 I dtosaċ scéil nuair ṫagas siḃ le ċéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraiḃ; agus creidim féin go ḃfuil cuid de’n ḟírinne ann.

19 Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ.

20 Uime sin, nuair ċruinniġeas siḃ i gceann a ċéile, ní féidir suipéar an Tiġearna d’iṫe:

21 óir ag iṫe ḋaoiḃ, is é a ṡuipéar féin ċaiṫeas gaċ duine ar dtús; agus bíonn ocras ar ḋuine agaiḃ agus bíonn duine eile ar meisce.

22 An aṁlaiḋ naċ ḃfuil tiġṫe agaiḃ ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól ionnta? nó an aṁlaiḋ atá droċ‐ṁeas agaiḃ ar eaglais Dé, go náiriġeann siḃ iad‐san atá gan éinniḋ? Créad adéarfas mé liḃ? an aṁlaiḋ ṁolfas mé siḃ? ní ṁolaim san gcás so siḃ.

23 Óir is ó’n Tiġearna fuaras an méid do ṁúineas daoiḃ, gur ġlac an Tiġearna Íosa an t‐arán, an oiḋċe ’n‐ar braiṫeaḋ é;

24 agus tar a éis dó buiḋeaċas do ṫaḃairt, gur ḃris sé é, agus go nduḃairt, Is é seo mo ċorp, atá d’á ḃriseaḋ ar ḃur son‐sa: déanaiḋ é seo mar ċuiṁneaṁ orm‐sa.

25 Agus an cupán mar an gcéadna, tar éis an tsuipéir, g‐á ráḋ, Is é an cupán so an tiomna nua im’ ḟuil‐se: déanaiḋ é seo, a ṁiniciġe ólas siḃ é, mar ċuiṁneaṁ orm‐sa.

26 Óir a ṁiniciġe iṫeas siḃ an t‐arán nó ólas siḃ an cupán so, is ag foillsiú báis an Tiġearna atá siḃ, nó go ḃfilliḋ sé.

27 D’á ḃriġ sin, cibé duine iṫeas arán nó ólas cupán an Tiġearna go neaṁ‐ċuḃaiḋ, béiḋ sé cionntaċ i gcorp agus i ḃfuil an Tiġearna.

28 Scrúduiġeaḋ duine é féin, agus iṫeaḋ sé an t‐arán agus ólaḋ sé an cupán d’á réir sin.

29 Óir an té iṫeas agus ólas, muna ḃfeictear dó an corp, is ċum breiṫeaṁnais air féin iṫeas agus ólas sé.

30 Is ar an aḋḃar sin atá a lán tinn, lag ’n‐ḃur measc, agus atá mórán marḃ.

31 Aċt dá dtugaimís breiṫeaṁnas mar ba ċeart orainn féin, ní tiuḃarṫaí breiṫeaṁnas orainn.

32 Aċt nuair ḃeireas an Tiġearna breiṫeaṁnas orainn, bímíd d’ár smaċtú ċum naċ ndaorṫar sinn i n‐éinḟeaċt leis an saoġal.

33 Uime sin, a ḃráiṫre, ag teaċt i gcionn a ċéile ḋaoiḃ ċum biḋ, fanaiḋ le ċéile. Má ḃíonn ocras ar ḋuine ar biṫ,

34 iṫeaḋ sé san mbaile; ar ṁoḋ naċ ċum breiṫeaṁnais ḃéas ḃur gcruinniú le ċéile. Agus i dtaoḃ na neiṫe eile, socróċad iad nuair ṫiocfad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan