1 Chum na gCoirinnteach 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, 2 agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin: 3 Grása ḋaoiḃ, agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. 4 Do‐ḃeirim buiḋeaċas i gcóṁnaiḋe lem’ Ḋia ’n‐ḃur dtaoḃ, as uċt grása Dé tugaḋ ḋaoiḃ i nÍosa Críost; 5 de ḃriġ go ḃfuair siḃ saiḋḃreas ann ins an uile niḋ, i mbriaṫraiḃ béil agus i n‐eolas de gaċ cineál; 6 do réir mar daingniġeaḋ fiaḋnaise Ċríost ionnaiḃ; 7 ar ṁoḋ naċ ḃfuil bronntanas ar biṫ i n‐easnaṁ oraiḃ; ag fanaṁain daoiḃ go ḃfoillsiġṫear ár dTiġearna Íosa Críost; 8 an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost. 9 Atá Dia fírinneaċ, tré n‐ar glaoḋaḋ siḃ isteaċ i gcóṁċumann a Ṁic Íosa Críost ár dTiġearna. 10 Anois, a ḃráiṫre, aṫċuiniġim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ḃeiṫ ar aon ḟocal eadraiḃ uile, gan deaġailt ḃeiṫ eadraiḃ; aċt siḃ ḃeiṫ i gcóṁaontaċas le ċéile, ar aon intinn agus ar aon ċéill. 11 Óir do h‐inniseaḋ ḋom ’n‐ḃur dtaoḃ, a bráiṫre, ó ṁuinntir Ċlóé, go ḃfuil éada oraiḃ le ċéile. 12 Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise. 13 An aṁlaiḋ atá Críost roinnte? An é Pól do céasaḋ ar ḃur son? nó, an i n‐ainm Ṗóil do baisteaḋ siḃ? 14 Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia nár ḃaisteas duine agaiḃ aċt Crispus agus Gáius, 15 ar eagla go n‐abróċaḋ aoinneaċ gur im’ ainm‐se do baisteaḋ siḃ. 16 Do ḃaisteas muinntear Steafáin, leis; ṫairis sin ní dóiġ liom gur ḃaisteas duine eile ar biṫ. 17 Óir ní ċum baiste do ḋéanaṁ do ċuir Críost uaiḋ mé, aċt ċum an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ: ní h‐é le gliocas cainnte, ar eagla go ndéanfaiḋe neaṁniḋ de ċrois Ċríost. 18 Óir do’n dream atá ag dul amuġa is ionann briaṫar na croise agus díṫ‐céille; aċt dúinne atá d’ár slánú is í cuṁaċt Dé í. 19 Mar atá scríoḃṫa, Scriosfad‐sa eagna na n‐eagnaiḋe, Agus cuirfead tuigse na dtuigseanaċ ar neaṁniḋ. 20 Cá ḃfuil an t‐eagnaiḋe? cá ḃfuil an scríoḃaiḋe? cá ḃfuil fear iomarḃáġa an tsaoġail seo? Naċ ḃfuil díṫ‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoġail seo? 21 Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta. 22 Óir giḋ go n‐iarrann na h‐lúdaiġ cóṁarṫa, agus go n‐iarrann na Gréagaiġ eagna: 23 fógraimíd‐ne Críost, agus é céasta, ’n‐a ċeap tuisliḋ do na h‐lúdaċaiḃ, agus ’n‐a ḋíṫ‐céille do na Gréagaċaiḃ; 24 aċt ’n‐a ċuṁaċt Dé do na daoiniḃ, idir lúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ, fuair an ġairm. 25 De ḃriġ gur glice díṫ‐céille Dé ’ná daoine; agus gur treise laige Dé ’ná daoine. 26 Óir cuiṁniġiḋ ar ḃur ngairm, a ḃráiṫre, cionnas naċ ngairmṫear mórán díoḃ‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de luċt cumais, ná mórán de luċt uaisleaċta; 27 aċt gurḃ aṁlaiḋ do ṫoġ Dia neiṫe amaideaċa an tsaoġail ċum aḋḃar náire do ḋéanaṁ de na neiṫiḃ cumasaċa; 28 agus do ṫoġ Dia neiṫe suaraċa an tsaoġail, agus na neiṫe atá fá ṫarcuisne, agus na neiṫe féin naċ ḃfuil ann, do ṫoġ Dia iad ċum na neiṫe atá ann do ċur ar neaṁniḋ: 29 ċum naċ ndéanfaḋ feoil ar biṫ maoiḋṁeaċas i ḃfiaḋnaise Dé. 30 Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt: 31 ċum, mar átá scríoḃṫa, An té do‐ġní maoiḋṁeaċas, go ndéanfaḋ sé san Tiġearna é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society