Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na dTesaloníceach 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Aċt maidir leis na h‐aimsearaiḃ agus leis na tráṫaiḃ, a ḃráiṫre, ní gáḃaḋ éinniḋ do scríoḃaḋ ċugaiḃ.

2 Óir atá a ḟios agaiḃ go maiṫ go dtagann lá an Tiġearna mar ṫagann gadaiḋe san oiḋċe.

3 Nuair adeir na daoine, Síoṫċáin agus neaṁ‐ḃaoġal, annsin is eaḋ ṫig léirscrios obann orṫa, mar ṫagann a pianta ar ṁnaoi atá ag iomċar clainne; agus ní raċaiḋ siad slán as.

4 Aċt, a ḃráiṫre, ní ḟuil siḃ‐se san dorċaċt, go dtiocfaḋ an lá úd oraiḃ mar ṫiocfaḋ gadaiḋe.

5 Clann an tsolais agus clann an lae is eaḋ siḃ go léir; ní daoine de ċlainn na h‐oiḋċe, ná de ċlainn na dorċaċta sinn.

6 Ná bímís ’n‐ár gcodlaḋ, mar sin, ar nós daoine eile, aċt bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill.

7 Óir na daoine ċodlas, is san oiḋċe ċodlas siad, agus na daoine ḃíos ar meisce, is san oiḋċe ḃíos siad ar meisce.

8 Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn.

9 Óir ní ċum díḃeirge do ċeap Dia sinn, aċt ċum slánuġaḋ d’ḟáġáil tré n‐ár dTiġearna Íosa Críost,

10 fuair bás ar ár son, ċum go mairfimís beo i n‐éinḟeaċt leis, má’s ’n‐ár ndúiseaċt nó ’n‐ár gcodlaḋ ḋúinn.

11 D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile, agus neartuiġiḋ a ċéile, fá mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ.

12 Impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, cion do ḃeiṫ agaiḃ orṫa‐san atá ag obair ’n‐ḃur measc, iad‐san go ḃfuil ceannas aca oraiḃ san Tiġearna, agus ḃeireas cóṁairle ḃur leasa ḋaoiḃ;

13 agus árd‐ṁeas do ḃeiṫ agaiḃ orṫa as uċt a n‐oibre. Biḋiḋ go síoṫċánta eadraiḃ féin.

14 Agus iarraimíd oraiḃ, a ḃráiṫre, taḃraiḋ raḃaḋ do na fallsóirí, taḃraiḋ meisneaċ do na daoiniḃ atá lag‐ċroiḋeaċ, biḋiḋ mar ṫaca do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, biḋiḋ foiġdeaċ leis an uile ḋuine.

15 Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.

16 Ḋéanaiḋ gáirdeaċas i gcóṁnaiḋe;

17 biḋiḋ ag guiḋe gan stad.

18 Beiriḋ buiḋeaċas san uile niḋ; óir is é toil Dé é sin ’n‐ḃur dtaoḃ i nÍosa Críost.

19 Ná múċaiḋ an Spiorad;

20 ná déan beag‐is‐fiú de ṫarngaireaċtaiḃ;

21 froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ;

22 staonaiḋ ó olcas de gaċ saġas.

23 Agus go naoṁuiġiḋ Dia na síoṫċána féin go h‐iomlán siḃ; agus go gcoiṁeádtar siḃ idir spiorad agus anam agus corp slán ó ċionnta go dtí teaċt ár dTiġearna Íosa Críost.

24 Is dílis an té atá ’g‐ḃur nglaoḋaċ, is é ḋéanfas é.

25 A ḃráiṫre guiḋiḋ orainn.

26 Beannuiġiḋ do na bráiṫriḃ go léir le póig naoṁṫa.

27 Cuirim mar aṫcuinġe oraiḃ as uċt an Tiġearna an eipistil seo do ċur d’á léiġeaṁ do na bráiṫriḃ go léir.

28 Go raiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost liḃ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan