1 Chum na dTesaloníceach 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ. 2 Óir is eol daoiḃ na h‐aiṫeanta ṫugamar tríd an Tiġearna Íosa ḋaoiḃ. 3 Óir is é is toil le Dia siḃ ḃeiṫ naoṁṫa, siḃ do staonaḋ ó striapaċas; 4 go mb’ eol do gaċ duine agaiḃ cionnas a ċorp féin do congḃáil i naoṁṫaċt agus i n‐onóir, 5 gan géilleaḋ d’ainṁian na drúise, mar ġníos na Cineaḋaiġ atá gan eolas ar Ḋia; 6 gan a ḃráṫair do ṁeallaḋ nó do ṡárú san gcás so: óir agrann an Tiġearna díoġaltas i ngaċ cás d’á leiṫéidiḃ sin, do réir mar ṫugamar raḃaḋ agus fógra ’n‐a dtaoḃ ḋaoiḃ ċeana. 7 Óir ní ċum neaṁ‐ġlaine do ġlaoḋ Dia sinn, aċt ċum naoṁṫaċta. 8 D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ. 9 Aċt i dtaoḃ an ġráḋa ḃráṫarḋa, ní gáḃaḋ scríoḃaḋ ċugaiḃ: óir fuaraḃar féin teagasc ó Ḋia gur dual daoiḃ gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, 10 agus go deiṁin, is é sin an rud atá d’á ḋéanaṁ agaiḃ i dtaoḃ na mbráṫar uile atá san Maiceadóin ar fad. Aċt impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, dul ar aġaiḋ níos dúṫraċtaiġe ’ná ariaṁ: 11 agus ḃeiṫ go dian d’iarraiḋ ḃur saoġal do ċaiṫeaṁ go síoṫċánta, agus saoṫrú le n‐ḃur láṁaiḃ féin, mar d’órduiġeamar daoiḃ; 12 ċum go mba cneasta ḃur n‐iomċar i súiliḃ na ndaoine atá lasmuiġ, gan ganntanas ar biṫ ḃeiṫ oraiḃ. 13 Aċt, a ḃráiṫre, níor ṁaiṫ linn siḃ ḃeiṫ i n‐ainḃfios i dtaoḃ na ndaoine atá ’n‐a gcodlaḋ, ċum naċ mbéiḋ cuṁa oraiḃ, mar ḃíos ar na daoiniḃ eile atá gan dóċas. 14 Óir má ċreidimíd gur éag Íosa agus gur aiséiriġ sé arís, ar an gcuma sin is eaḋ ḃéarfas Dia i n‐éinḟeaċt leis an dream ċodlas i nÍosa. 15 Óir adeirimíd do réir briaṫar an Tiġearna, sinne atá beo, atá fágṫa go teaċt an Tiġearna, naċ mbéiḋ tosaċ againn ar an dream ċodlas. 16 Óir tiocfaiḋ an Tiġearna ó na flaiṫeasaiḃ anuas le gáir, le guṫ an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairḃ i gCríost is túisce éireoċas: 17 ’n‐a ḋiaiḋ sin tógfar sinne atá fágṫa beo i n‐éinḟeaċt leo ins na néalltaiḃ ċum dul i ndáil an Tiġearna san spéir: agus béiḋmíd mar sin go síorraiḋe i ḃfoċair an Tiġearna. 18 D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile leis na briaṫraiḃ seo. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society