Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na dTesaloníceach 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ar an aḋḃar sin, nuair nárḃ ḟéidir linn foiḋneaṁ níb’ ḟaide, do ċeapamar go mba ċeart dúinn fanaṁain ’n‐ár n‐aonar i gCaṫair na hAiṫne:

2 agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;

3 ċum naċ gcorróċaiḋe aon duine leis na caṫuiġṫiḃ úd: óir atá a ḟios agaiḃ gur ċuige sin do h‐órduiġeaḋ sinn.

4 Óir nuair ḃíomar ’n‐ḃur ḃfoċair, d’inniseamar roiṁ ré ḋaoiḃ go ḃfuil anró le fulang againn; rud ṫáinig ċum críċe, mar is eol daoiḃ féin.

5 D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce.

6 Aċt nuair ṫáinig Timóteus uaiḃ anois díreaċ ċugainn, agus ṫug sé deaġ‐scéala ḋúinn i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa, g‐á ráḋ go mbíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cuiṁneaṁ orainn, ag tnúṫ le n‐ár ḃfeicsin, mar táimíd féin ag tnúṫ leis, ċóṁ maiṫ:

7 d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, fuaramar sólás ’n‐ḃur dtaoḃ i lár ár n‐aṁgair agus ár mbuaiḋearṫa uile:

8 óir mairimíd beo anois, ó tá siḃ ag seasaṁ go daingean san Tiġearna.

9 Óir cia an buiḋeaċas ḟéadaimíd a ṫaḃairt arís do Ḋia ar ḃur son as uċt an áṫais ṁóir atá orainn ’n‐ḃur dtaoḃ i ḃfiaḋnaise ár nDé:

10 ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.

11 Anois go seolaiḋ Dia féin agus ár nAṫair, agus ár dTiġearna Íosa ar ár mbealaċ ċugaiḃ sinn:

12 agus go méaduiġiḋ an Tiġearna an gráḋ ionnaiḃ go líonṁar d’á ċéile, agus do ċáċ, mar atá againn féin daoiḃ‐se;

13 ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan