Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na dTesaloníceach 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir is eol daoiḃ féin, a ḃráiṫre, nár ċuairt gan éifeaċt ár dteaċt isteaċ ċugaiḃ:

2 aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.

3 Óir ní ó ṁearḃall, ná ó neaṁ‐ġlaine, ná ó ċeilg ṫig ár spreagaḋ;

4 aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.

5 Óir, mar is eol daoiḃ féin é, níor ḃaineamar feiḋm ariaṁ as foclaiḃ plámáis, ná ní raiḃ sainnt fá ċlóca againn, is é Dia ár ḃfiaḋnaiḋe air;

6 ná ní raḃamar ag lorg urrama ó ḋaoiniḃ, ná uaiḃ‐se, ná ó ḋaoiniḃ eile, bíoḋ gurḃ ḟéidir linn ḃeiṫ go h‐uġdarásaċ, mar abstail Ċríost.

7 Aċt is aṁlaiḋ do ḃíomar caoin‐ċeannsa ’n‐ḃur measc, mar ḃéaḋ buime ag oileaṁain a clainne féin:

8 mar sin de, le méid an ċeana do ḃí againn oraiḃ, ba ṁian linn, ní h‐é soiscéal Dé aṁáin do roinnt liḃ, aċt ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurḃ an‐ionṁain linn siḃ‐se.

9 Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.

10 Is fiaḋnaiḋṫe siḃ‐se, agus is fiaḋnaiḋe Dia, leis, ar a naoṁṫaċt, agus ar a ionnraice, agus ar a neaṁ‐loċtaiġe d’iomċaramar sinn féin ’n‐ḃur dtaoḃ‐na ċreideas:

11 mar tá a ḟios agaiḃ go raḃamar le gaċ duine agaiḃ mar ḃéaḋ aṫair le n‐a ċlainn féin, ag taḃairt meanman agus meisniġ ḋaoiḃ,

12 agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.

13 Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.

14 Óir do rinne siḃ‐se, a ḃráiṫre, aiṫris ar eaglaisiḃ Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó ṫárla gur ḟulaing siḃ na neiṫe céadna ó ṁuinntir ḃur dtíre féin d’ḟulaing siad‐san ó na h‐Iúdaċaiḃ:

15 do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine;

16 ’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.

17 Aċt, a ḃráiṫre, ó ṫárla go raḃamar scarṫa liḃ le tamall, i bpearsain, aċt ní i gcroiḋe, ba ṁóide ár dtnúṫán go mór le n‐ḃur ngnúis d’ḟeicsin.

18 D’á ḃriġ sin ba ṁian linn, liom‐sa Pól, go h‐áiriṫe, agus níorḃ aon uair aṁáin é, teaċt ċugaiḃ; aċt gur ċuir Sátan cosc linn.

19 Óir créad é ár ndóċas, nó ár n‐áṫas, nó coróin ár nglóire? Naċ siḃ‐se é i ḃfiaḋnaise ár dTiġearna Íosa, ag teaċt dó?

20 Go deiṁin is siḃ‐se ár nglóir agus ár mbród.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan