Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum na dTesaloníceach 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, agus Silḃánus, agus Timóteus, ċum eaglaise na dTesaloníceaċ i nDia an tAṫair, agus san Tiġearna Íosa Críost: Grása agus síoṫċáin daoiḃ.

2 Do‐ḃeirimíd buiḋeaċas le Dia de ṡíor ’n‐ḃur dtaoḃ‐na go léir, ’g‐ḃur luaḋ ’n‐ár n‐urnaiġṫiḃ:

3 ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.

4 Is eol daoiḃ, a ḃráiṫre, ionṁain le Dia, go ḃfuil siḃ toġṫa:

5 óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.

6 Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ;

7 ionnas go raḃaḃar ’n‐ḃur n‐eisiompláir do luċt an ċreidiṁ san Maiceadóin agus i nAċáia.

8 Óir is uaiḃ‐se do leaṫ briaṫar an Tiġearna go glóraċ, ní h‐é aṁáin san Maiceadóin agus i nAċáia, aċt is aṁlaiḋ do leaṫnuiġ clú ḃur gcreidiṁ i nDia i ngaċ áit; ar ṁoḋ naċ gáḃaḋ ḋúinne laḃairt ’n‐a ṫaoḃ.

9 Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,

10 agus ċum ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le teaċt a Ṁic ó neaṁ, an té do ṫóg sé ó na marḃaiḃ, Íosa ḟuasclas ó’n díḃeirg atá le teaċt sinn.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan