Triaḃuin 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Urnaiġ inisle ré Día, ag gríosaḋ furtaċt. 1 Cuiṁniġ, a ṪIĠEARNA, cred ṫáinic oruinn: meas, agus féuċ ar masla. 2 Do hiompoiġeaḋ ar noiġreaċt ċum coiṁṫiġṫeaċ, ar ttiġṫe ċum eaċtrannaḋ. 3 Atámaoid ar ndílleaċtaiḃ agus gan aṫair, ar máiṫre mar ḃaintreaḃaċaiḃ. 4 Diḃeamar ar nuisge air airgiod; do reacaḋ ar ccoill rinn. 5 Atáid ar muinéil fa inġreim: sáoṫruiġeamuid, agus ni ḟaġmuid suáiṁneas ar biṫ. 6 Ṫugamar an láṁ do na Hégipteaċaiḃ, agus do na Hassirianaċaiḃ, dar sásaḋ lé harán. 7 Do ṗeacuiġeadar ar naiṫre, agus ní ṁairid, agus diomċramairne a néigceart. 8 Do ḃádar seirḃísiġ na núaċtaránniḃ oruinn: ní ḃfuil duine ar biṫ ṡaorus sinn as a láṁuiḃ. 9 Fúaramar ar narán lé guáis ar nanmann do ḃríġ ċloiḋiṁ a nfásaiġ. 10 Do ḃí ar ccroicionn duḃ cosṁuil re sorn, do ḃríġ na gorta aḋḟúaṫṁaire. 11 Déigniġeadar na mná a Sion, agus na maiġdiona a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah. 12 Do croċaḋ prionnsaḋa súas lé na láiṁ: agus níor honóruiġeaḋ aiġṫe na seanoireaḋ. 13 Do ġaḃadar na hógánuiġ ċum meilte, agus do ṫuitiodar an ċlann faói an cconnaḋ. 14 Do scuireadar na seanóiriḋe ón ġeata, na hóganuiġ ó ná ccéol. 15 Do scuir gáirdeaċus ar ccróiḋe; do hiompoiġeaḋ ar ndaṁsa ċum dóbróin. 16 Do ṫuit an ċoróin ó ar cceann: is trúaġ ḋúinn, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar! 17 Ar a ṡon so atá ar ccroiḋe anḃfann; do ḃríġ na neiṫeannso atáid ar súile lagraḋarcaċ. 18 Do ḃriġ ṡléiḃe Sion, noċ atá uáigneaċ, siuḃluiġid na sionnaiġ air. 19 Ṫusa, a ṪIĠEARNA, mairiḋ tú go síorruiḋe; do ċaṫaóir ó ġinealaċ go ginealaċ. 20 Cred fá ndearmaduiġeann tú sinne go bráṫ, agus fa ttréigion tú sinn an coṁḟadsa daimsir? 21 Iompoiġse sinne ċugad, a ṪIĠEARNA, agus biaim air ar niompóġaḋ; aṫnúaḋaiḋ ar láeṫe aṁuil a nallód. 22 Aċt do ṫeilg tú ḋíot sinn ṫríd amaċ; atá tú ro ḟeargaċ ar naġaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society