Triaḃuin 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Cruáḋaig Ieremiah, 55 agus a ċoṁḟuasglaḋ. 1 Is misi an duine do ċonnairc aindeise le slait a ḟeirge. 2 Do ṫréoruiġ sé misi, agus rug sé a ndorċadas mé, aċt ní ċum soluis. 3 Go deiṁin diompoiġ sé am aġaiḋ; filliḋ sé a láṁ am aġaiḋ air feaḋ an láe. 4 Do rinne sé mfeóil agus mo ċroiceann foirfe; do ḃris sé mo ċnáṁa. 5 Do ṡuiḋ sé am aġaiḋ, agus do ṫimċill sé mé lé dumblas agus le hastar. 6 Do ṡuiġiḋ sé mé a náitiḃ dorċa, mar na daoiniḃ fuáir bás fada ó ṡin. 7 Do ċuir sé fál am ṫimċioll fá ccuáirt, go naċ ḃféaduim teaċt amaċ: do rinne sé mo ṡlaḃraḋa trom. 8 Mar an ccéadna a nuáir ċoṁaircim agus ġáirim, congṁuiḋ sé murnaiġ amaċ. 9 Do iáiḋ sé a stiġ mo ṡliġṫe lé cloċaiḃ snoiġte, do rinne sé mo ċasáin cam. 10 Do ḃí sé ḋaṁsa aṁuil beiṫir a luiḋeaċán, agus aṁuil leoṁan a náitiḃ uáigneaċa. 11 Dfill sé mo ṡliġṫe do leaṫtaóiḃ, do ṫarruing sé am ċotċannuiḃ mé: do rinne sé áonránaċ mé. 12 Do ċam sé a ḃóġa, agus do ṡuiġiḋ sé misi mar ċoṁarṫa ḋa ṡoiġid. 13 Ṫug sé ar ṡoiġdiḃ a ḃolgáin dul a steaċ ann mo ḋuḃánuiḃ. 14 Do ḃí mé am ṁagaḋ dom ḋaóiniḃ uile; agus am aḃrán ar feaḋ an láe. 15 Do líon sé mé lé searḃus, do ċuir sé ar meisce mé lé murmónta. 16 Do ḃris sé fós mfíacla lé cloċaiḃ gainṁéin, dfoluiġ sé mé lé luáiṫ. 17 Agus dáṫruiġ tú manam a ḃfad ó ṡíoṫċáin: do ḋearmuid mé sonas. 18 Agus a duḃairt mé, Atá mo neart agus mo ḋótċus ar na muġaḋ ón TTIĠEARNA: 19 Ag cuiṁniuġaḋ maindeise agus mo ḃoċtuine, an murmónta agus an dumblas. 20 Atáid síad a ccuiṁne do ġnáṫ ag manain, agus do huṁluiġeaḋ ionnam é. 21 Goirim so a rís ċum minntinne, uimesin atá dóṫċus agam. 22 ¶ Is do ṫrócaire an TIĠEARNA naċ ḃfuilmíd aiḋṁillte, do ḃríġ naċ ḃfáilliġid a ġrása. 23 Atáid núaḋ gaċ aon ṁaidin: is mór ṫfíreantaċtsa. 24 Isé an TIĠEARNA mo ċuid ronna, a deir manum; uimesin is ann ḃías mo ḋóiġ. 25 Is maiṫ an TIĠEARNA don ṁéid ḟeiṫfios air, do nanam íarras é. 26 Is maiṫ go ccuirfeaḋ duine a ḋóiġ aráon agus go ḃfeiṫfeaḋ go ceannsa air ṡlánuġaḋ an TIĠEARNA. 27 Is maiṫ do ḋuine an ċuing diomċar iona óige. 28 Suiġiḋ sé na áonar, agus bíḋ sé na ṫoċd, do ḃríġ gur ġaḃ sé air féin é. 29 Cúiriḋ sé a ḃéul annsa luáiṫreaḋ; dá maḋ éidir dóṫċus do ḃeiṫ ann. 30 Do ḃeir sé a ġruáiḋ don té ḃuáileas é: atá sé ar na líonaḋ lán do sgannail. 31 Oír ní ṫeilgfiḋ an TIĠEARNA ḋe go braṫ: 32 Aċt ma tá go noibríġionn sé doilġios, giḋeaḋ biáiḋ truaige aige do réir iomaid a ṫrócaireaḋ. 33 Oír ní ṗíanann sé go toileaṁuil ní mó ġortuiġionn sé clann na ndaóine. 34 Do ḃruġaḋ ṗríosúnaċ na talṁan uile fa na ċosaiḃ, 35 Diompóġ ceart duine do leaṫtaoiḃ as coinne aiġṫe an tí is ro Airde, 36 Do ċlaóiḋ duine iona ċúis, ní ḋearḃann an TIĠEARNA. 37 ¶ Cía hé an té a deir, agus go dtiucfa a ccríċ, a nuáir naċ áiṫniġionn an TIĠEARNA é? 38 A né naċ ttig maiṫ agus olc as béul an té is ro Airde? 39 Uimesin cred fa ngearánan duine béo, duine ar son pionóis a ṗeacaiḋ? 40 Spíonam agus dearḃam ar sliġṫe, agus filleam a rís ċum an TIĠEARNA. 41 Tógḃam súas ar ccroiḋṫe maille re ar láṁuiḃ ċum Dé annsna neaṁuiḃ. 42 Do ċionntuiġeamar agus do rinneamar cogaḋ: agus níor ṁaiṫ tusa. 43 Dfoluiġ tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do ṁarḃ tú, ní raiḃ truáiġe agad. 44 Dfoluiġ tú ṫú féin lé néull, iondus naċ raċaidís ar nurnaiġṫe ṫríd. 45 Do rinne tú sinne aṁuil salċar, agus droiċṁeasta a measg an ṗobail. 46 Dfoscladar ar naiṁde uile a mbéul ar naġaiḋ. 47 Ṫáinic eagla agus paintéar oruinn, áonránaċt agus aiḋṁilleaḋ. 48 Silid mo ṡúile síos lé sroṫaiḃ uisge, do ḃríġ aiḋṁillte inġine mo ḋaóine, 49 Dóirtiḋ mo ṡúil síos, agus ní scuirionn sí, gan ċosg ar biṫ. 50 Nó go ḃféuċa an TIĠEARNA a núas, agus go ḃfaiciḋ ó neaṁ. 51 Doilġiosuiġ mo ṡúil mo ċroiḋe do ḃríġ uile inġeana mo ċaiṫreaċ. 52 Do leanadar mo naiṁde mé go géur, aṁuil éun, gan aḋḃar. 53 Do ġearradar amaċ manam annsa ċarcair, agus do ṫeilgeadar cloċa orum. 54 Do ṫuiliġeadar uisgeaḋa ṫar mo ċeann; annsin a duḃairt mé, Do gearraḋ amaċ mé. 55 Do ġoir mé ar hainmsi, a ṪIĠEARNA, as an ccarcair íoċtaruiġ. 56 Do ċúala tú mo ġuṫ: na céil do ċlúas aír manáilsi, rem éiġioṁ. 57 Ṫáinic tú a ccoṁġar annsa ló ar ġoir mé ort: a duḃairt tú, Ná bíoḋ eagla ort. 58 O a ṪIĠEARNA, do ṫagair tusa cúise manma; dfúasgail tú manam. 59 O a ṪIĠEARNA, do ċonnairc tú meagcóir: beir breaṫ ar mo ċúis. 60 Do ċonnairc tú a ndioġaltas uile agus a smúaintiġṫe uile am aġaiḋsi. 61 Do ċúala tú a masla, a ṪIĠEARNA, agus a ttionnscanta uile am aġaiḋ; 62 Puisíne na druinge déiriġ súas am aġaiḋ, agus a ttionnscanta am aġuiḋ ar feaḋ an láe. 63 Féuċ a suiġe síos, agus a néirġe súas; is misi a ccéol, 64 Cúitiġ ríu luáiġeaċt, a TIĠEARNA, do réir oibre a láṁ. 65 Taḃair doilġios croiḋe ḋóiḃ, taḃair do ṁallaċt dóiḃ. 66 Ainlean agus díoḃáiḋ íad a ḃfeirg go naċ béid faói neaṁuiḃ an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society