Triaḃuin 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. A leaṫ inġin Ṡion, teilgṫe ó neaṁ go talaṁ, 20 do ḋearnaḋ eidirġuiḋe. 1 Ciondas dfoluiġ an TIĠEARNA inġean Ṡion lé néull iona ḟeirg, agus do ṫeilg sios ó neaṁ go talaṁ sgíaṁ Israel, agus nar ċuiṁniġ a ċosstól a ló a ḟeirge! 2 Do ṡluig an Tiġearna súas uile áitreaḃṫaċa Iácob, ní ḋéarna sé truáiġe: do ṫeilg sé síos iona ḟeirg daingneaċa láidre inġine Iúdah; ṫug sé sios go taláṁ íad: do ṫruailliġ sé an rioġaċt agus a prionnsaḋa. 3 Do ġeárr sé amaċ iona ḋíḃḟeirg aḋarc Israel uile: do ṫarruing sé ar a hais a láṁ ḋeas ó roiṁe a náṁuid, agus do las sé a naġaiḋ Iácob cosṁuil ré teine lasaṁuil, noċ loisgeas timċioll fa ccuáirt. 4 Do ċam sé a ḃoġa mar do ḋéanaḋ náṁuid: do ṡeas sé lé na láiṁ ḋeis mar easccaruid, agus do ṁarḃ sé gaċ a raiḃ taitneaṁaċ leis an tsúil a ttiġ inġine Sion: do ḋóirt sé amaċ a ḋíḃḟearg aṁuil teine. 5 Do ḃí an TIĠEARNA mar náṁuid: do ṡluig sé súas Israel, do ṡluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneaċa láidre, agus do ṁéaduiġ sé a ninġin Iúdah dóbrón agus cuṁa. 6 Agus rug sé as go hégiontaċ a ṫiġ, mar do ḃíaṫ aṁuil gáirdín: do sgrios sé aíte a ċoṁṫionnail: ṫug an TIĠEARNA fa deara na féustuign sollamonta agus an tsaóire do ḋearmad a Sion, agus do ṫarcuisniġ sé a tteas a ḟeirge an sagart agus an ríġ. 7 Do ṫeilg an TIĠEARNA seaċad a altóir, agus dfúaṫaiġ sé a ṡanctóir; do ṡeaċaid sé súas a láiṁ na náṁad ballaḋa a ṗáláis; do rinneadar gáir a ttiġ an TIĠEARNA, aṁuil a ló féusta sollamonta. 8 Do ṫríall an TIĠEARNA ballaḋa inġine Sion do ṁilleaḋ: do ṡín sé doruḃa amaċ, níor ċonnaiṁ sé a láṁ ó aiḋṁilleaḋ: uimesin ṫug sé air an dídean agus air an mballa caói, do ċúadar a néagcrúas lé ċéile. 9 Do sluigeaḋ a geataḋa annsa talaṁ; do aiḋṁill se agus do ḃris se a barraḋa: agus atáid a ríġ agus a prionnsaḋa a measc na Ngeinteaḋ: ní ḃfuil dliġeaḋ ann ní sa ṁó; ní ḟaicid a fáiġe fós fis ar biṫ ón TTIĠEARNA. 10 Suiġíd sinnsir inġine Sion air an ttalaṁ, agus bíd na ttoċd: do ṫeilgiodar luáiṫreaḋ air a cceannaiḃ; agus do ċriosluiġeadar íad féin lé saicéaḋaċ: cromaid maiġdiona Ierusalem á ccinn síos gus an ttalaṁ. 11 Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ. 12 A deir síad re na máiṫriḃ, Cáit a ḃfuil arḃar agus fíon? an tan ṫuitid aṁuil daóine gonta a sráidiḃ na caiṫreaċ, a nuáir dóirteaḋ a nanam amaċ a nuċt a maṫar. 13 Cred an ní ġéaḃus mé dfiaḋnuisi ar do ṡon? cred an ní ṡaiṁleaċus mé ríot, a inġean Ierusalem? cred ċoṁmórad ríot, ċor go ccoṁḟurtuiġinn ṫú, a ṁaiġdion inġean Sion? óir is mór mar a nfairge do ḃriseaḋ: cla ḟéadas do leiġios? 14 Do ċoncadar ṫfáiġe neiṫe dioṁaóine leaṁa ḋuit: agus níor ḟoillsíġeadar hégceart, dfilleaḋ do ḋaóirsine; aċt do ċonncadar úaluiḋe neiṁḟírinneaċa ḋuit agus cúise díbearṫa. 15 An ṁéid ġaḃus ṫort buáilid síad a láṁa as do ċoinnesi; do níd siad magaḋ agus croiṫid a ccinn air inġin Ierusalem, ag ráḋ, An í so an ċaṫair dá ngoirdís daóine Iomláine sgéiṁe. Agus sólás an doṁuin uile? 16 Dfoscladar do naiṁde uile a mbéul ad aġaiḋ: siosarnuid síad agus gíosanuid a ḃfíacla: a deirid síad, Do ṡluigeamar súas í: go deiṁin asé so an la lé raiḃ ar súil; fúaramar é, agus do ċoncamar é. 17 Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas. 18 Déiġ a ccroiḋe ċum an Tiġearna, ó a ḃalla inġine Ṡion, filedís déara síos aṁuil srúṫ a ló agus a noiḋċe: ná taḃair suáiṁneas ar biṫ ḋuit féin; ná coisgeaḋ rinn do ruisg. 19 Eíriġ, goir ná coṁairc san noiḋċe: a ttús na fáire doirt amaċ do ċroiḋe aṁuil uisge a ḃfiaḋnuisi aiġṫe an TIĠEARNA: tóig súas do láṁa ċuigesion ar son ḃeaṫa do leanaḃ óg, noċ anḃfainniġios docras a cceann gaċ aontsráide. 20 ¶ Féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoraḋ, agus naóiḋin a ḃfad réise? an muirfiġear an sagart agus an fáiġ a sanctóir an TIĠEARNA? 21 Luiġid na daóine óga agus seana air an ttalaṁ annsna sráidiḃ: do ṫuiteadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga leis an ccloiḋeaṁ; do ṁarḃ tú íad a ló ṫfeirge; do ṁarḃ tú, agus níor ċoigil tú íad. 22 Do ġoir tú mar buḋ a ló féusta mo ċriṫeagla timċioll fa ccuáirt, iondus naċ deaċaiḋ duine ar biṫ as agus nar ṁair áon a ló feirge an TIĠEARNA: do ḋíoḃáiġ mo náṁuid an drong do oil mé agus ṫug me súas. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society