Triaḃuin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Caóineaḋ ṫrúaiġe na Niuduiġeaḋ, ṫainic orra arson truime, agus iomad bpeacuiḋe. 1 Ciondus ṡuiġios an ċaṫair go huáigneaċ, do ḃí lán do ḋaóiniḃ! ciondus atá sí cosṁuil re baintreaḃuiġ! ise noċ do ḃí mór a measc na ccineaḋaċ, agus na bainṗrionnsa a measc na bproḃinuseaḋ, ciondus ṫainic sí fa ḋuiḃċíos! 2 Guiliḋ sí go géar annsa noiḋċe, agus atá a deóra air a grúaḋuiḃ: a measc a háos gráḋa uile ní ḃfuil aon aice ċoṁḟurtuiġios í: do rinneadar a cáirde uile feall uirre, atáid síad na náṁaid aice. 3 Do ċuáiḋ Iúdah a mbraiġdionus do ḃríġ aindeise, agus do ḃríġ daóirsine móire: aitreaḃuiċ sí a measc na ngeinteaḋ, ni ḟaġan sí suáiṁnios ar biṫ: rugadar a hinġreamuiġ uile uirre a measc na ccuṁgaċ. 4 Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus. 5 A síad a naiṁde a húaċtaráin, rug a naiṁde biseaċ; óir do ċoiriġ an TIĠEARNA í do ḃríġ iomad a hégceirt: do ċúadar a clann a mbraiġdionas roiṁe a náṁaid. 6 Agus dimṫiġ a sgíaṁ uile ó inġin Ṡion: atáid a prionnsaḋa aṁuil cairrḟiaḋa naċ ḃfaġann inġeilt ar biṫ, agus dimṫiġeadar gan neart roiṁe an tingreamṫaċ. 7 Do ċuiṁniġ Ierusalem a láeṫiḃ a háindeise agus a boċtuine ar a huile neiṫiḃ sólasaċa do ḃí aice annsna láeṫiḃ a nallód, an tan do ṫuiteadar a daoine a láiṁ a náṁad, agus nar ċuidiġ duine ar biṫ ría: do ċonncadar a naiṁde í, agus do rinneadar magaḋ fa na sabbóidiḃ. 8 Do ṗeacaiḋ Ierusalem go hiomarcaċ; uimesin atá si ar na háṫruġaḋ: an ṁéid do onóruiġ í tarcuisniġid í, do ḃríġ go ḃfacus a náire: a seaḋ, osnaġuiḋ sí, agus filliḋ síar ar a hais. 9 Atá a salċar iona sciortuiġiḃ; ní ċuiṁniġionn sí a críoċ ḋeiriḋ; uimesin ṫáinic sí sios go hiongantaċ: ní raiḃ coḃarṫaċ ar biṫ aice. A ṪIĠEARNA, féuċ maindéise: óir do ṁéaduiḋ an náṁuid é féin. 10 Do leaṫnuiġ an náṁaid a láṁ amaċ ar a huile neiṫiḃ sólasaċa: óir do ċonnairc sí go ndeaċadar na geinte a steaċ dá sanctóra, noċ dar aiṫin tú naċ ttiucfaidis a steaċ ann do ċoṁċruinniuġaḋ. 11 Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ. 12 ¶ An ní gan suim ḋiḃ é, an ṁéid agaiḃsi uile ġaḃus láiṁ riom? féuċuiḋ, agus faiciḋ an ḃfuil dobrón ar bioṫ mar mo ḋóḃrónsa, noċ do rinneaḋ orum, ler smaċtaiġ an TIĠEARNA mé a ló a ḟeirge buirbe. 13 O náird a núas do ċuir sé teine ann mo ċnáṁuiḃ, agus beiriġ sí buáiḋ na naġaiḋ: do leaṫnuiġ sé líon roiṁe mo ċosaiḃ, dfill sé ar mais mé: do rinne sé áonránaċ mé agus lag ar feaḋ an laói. 14 Do ċeangail a láṁa cuiḃreaċ meigceirt: do snioṁaḋ sé íad, agus ṫangadar súas fám ṁuinéal: ṫug sé ar mo neart tuitim, do ṡeaċuid an TIĠEARNA iona láṁuiḃ mé, go naċ ḃféaduim éirġe súas. 15 Do ṡaltair an TIĠEARNA síos mo ḋaoine cuṁaċtaċa uile ann mo lár: do ġoir sé oireaċtus am aġaiḋ do brúiġeaḋ mo ḋaóine óga: do ḃrúiġ an TIĠEARNA an ṁaiġdion, inġean Iúdah, aṁuil buḋ a númar fíona. 16 Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ. 17 Síniḋ Sion amaċ a láṁa, agus ní ḃfuil duine ar biṫ ċaḃruiġios í: ṫug an TIĠEARNA áiṫne a ttáoḃ Iácob, go mbía a naiṁde fá ccuáirt iona ṫimċioll: atá Ierusalem mar ṁnaói úaṫḃásaiġ iona measc. 18 ¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus. 19 Do ġoir mé ar maosgraḋa, aċt do ṁealladar mé: déugadar mó ṡagairt agus mo ṡinnsir annsa ċaṫruiġ, an feaḋ díarradar a mbíaḋ dfurtaċd a nanmann. 20 Féuċ, a ṪIĠEARNA; óir atáimsi a naindeise: atáid minniḋe a mbuáiḋirt; diompoiġ mo ċroiḋe ionnam a stiġ; óir do ċúaiḋ me a neasuṁlaċd go hiomarcaċ: marḃuiḋ an cloiḋeaṁ amuiġ, an bás a stiġ. 21 Do ċúaladar go nosnaġuimsi: ní ḃfuil duine ar biṫ dom ċoṁḟurtaċt: do ċúaladar mo naiṁde uile mo ṫrioblóid; atá lúaṫġáir orra do ḃríġ go ndéarna tú sin: do ḃéara tú an lá noċ dfuagair tú, agus béid siadsan cosṁuil riomsa. 22 Tigeaḋ a néigceart uile dot laṫair; agus déan ríu, mar do rinne tú riomsa ar son mégceart uile: óir is iomadaṁuil mosnaḋa, agus lag mo ċroiḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society