Tituis 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III Feíle Dé, agus deaġ oibriġe do ċur a gcuiṁne; 9 aċd ní híad ceasda éigcéilliḋe. 1 Cuir a gcuiṁne ḋóiḃ ḃeiṫ úṁal duaċdaránaċduiḃ agus do ċúṁaċduiḃ, urruim do ṫaḃairt úaṫa úṁaḋ dá ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ uile ḋeaġoibre ṁaóriḃ, 2 Gan neaċ ar biṫ do ṁasluġaḋ, gan ḃeiṫ brúiġneaċ, aċd suáiṁneaċ, ag táisbéunaḋ na huile ċeannsaċda do na huile ḋáoiniḃ. 3 Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé. 4 Aċd an tan do ṡoillsiġ féile agus gráḋ Dé ar Slánaiġṫeóra do ḋáoiniḃ, 5 Ní do réir na noibriġṫeaḋ ḃfiréunnda do rinneamairne, aċd do réir a ṫrócaire féin do ṡáor sé sinn, tré ionnlaḋ na haiṫġineaṁna, agus tré aṫnúaḋuġaḋ an Spiorad Náoiṁ; 6 Do ḋóirt sé oruinn go saiḋḃir tré Iósa Críosd ar Slanuiġṫeoir. 7 Ionnus ar mbeiṫ ḋúinn air ar sáoraḋ tré na ġrásuiḃsion, go ndeuntáoi oiġreaḋa ḋínn do réir ṁuiniġne na beaṫa marṫannuiġe. 8 As fírinneaċ an ráḋ so, agus is áill leam ṫú ḋeiṁniuġaḋ na neiṫeansa, ionnus go mbíaḋ an dream do ċreid do Ḋía ro ḋíṫċiollaċ a ndéaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ. As íad so na neiṫe ṫéid a sóċar agus a dtarḃa do ḋáoiniḃ. 9 Aċd toirmisg ceasda éigcéilliḋe, agus seanċuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimċioll an reaċda; óir atáid síad gan tarḃa gan éifeaċd. 10 An tí atá na eiriceaċ tair éis fógra no ḋó ṫaḃairt dó seaċuin é; 11 Ar mbeíṫ a ḟeasa agad go ḃfuil a ṡaṁuil sin do neaċ ar ndul fá ċéile, agus go bpeacuiġeann sé, ar mbeiṫ ḋó damnuiġṫe úaḋ féín. 12 An tan ċuirfeas mé Artemas ċugad, nó Tiċicus, déun deiṫeas ré ṫeaċd ċugam go Nicopolis: óir is ann sin do ċuir mé roṁan an geiṁreaḋ ċaiṫeaṁ. 13 Seól uáid go dúṫraċdaċ sa tslíġe Sénas an fear dliġe agus Apollos, ar ġléus náċ mbiáiḋ uireasḃuiḋ éinneiṫe orrṫa. 14 Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóġluim ar ḋeaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ ċum na ngnáhuiġṫeaḋ riaċdanaċ, ionnus naċ beídis neaṁṫoruiḋeaċ. 15 Cuirid a ḃfuil um ḟoċairse uile a mbeannaċd ċugad. Teann riot an ṁéid ġráḋuiġeas sinne sa gcreideaṁ. Grása maille riḃ uile. Amen. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society