Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Tituis 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Teagusg agus eisiomlar Ṫituis ré ḃeiṫ 11 do reir ṡoluis an tsoisgeil, do nuile ċáil ḋaóine.

1 Aċd laḃairse na neiṫe ṫig ré teagusg fallin:

2 Eaḋon dáoine áosda do ḃeiṫ aireaċ, trómġa, measárġa, diongṁálta a gcréideaṁ, a ngráḋ, agus a ḃfoiġid.

3 Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomċuḃaiḋ do náoṁṫaċd, gan ḃeiṫ na luċd eíliġe go héugcoir, gan íad féin do ṫaḃairt go hiomarcaċ dfíon, na luċd teaguisg neiṫeann maiṫ;

4 As go dtiuḃradáois fo deara do na mnáiḃ óga ḃeiṫ súaiṁneaċ ann a ninntinn, gráḋaċ air a ḃfearuiḃ, agus air a gcloinn,

5 Measárrġa, geanmnuiḋ, coṁnuiġeaċ na dtiġṫiḃ, maiṫ, úṁal da ḃfearuiḃ féin, deagla ḃréiṫre Dé do ṁasluġaḋ.

6 Teaguisg na hóganuiḋ mar an gcéudna fá ḃeiṫ suáiṁneaċ na ninntinn.

7 Taisbein ṫú fein sna huile neiṫiḃ ad eisiompláir ḋeaġoibriġṫeaḋ: maille ré teagusg neaṁṫruáilliġe, trómġa, fiórġlanaḋ,

8 Briaṫar ḟalláin náċ feidir a loċduġaḋ; ionnus go mbíaḋ aḋnáire ar an to ċuireas ḃur naġuiḋ, ar mbeiṫ ḋó gan droċ ní ar biṫ aige ré a raḋ ḃur dtáoḃso.

9 Teaguisg na searḃḟoġantuiġiḋ fá ḃeiṫ úṁal dá maiġisdriġiḃ, fa na dtoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ; gan cur a naġuiḋ a mbriaṫar;

10 Gan éinní ḋa gcuid do ṫéultóġ úaṫa, aċd a nuile ċoinġioll maiṫ do ṫáisbéunaḋ ḋóiḃ; ionnus go ndéunaidís teagusg Dé ar Slánaiġṫeóra taitneaṁaċ ar gaċ éunċor.

11 Oír do ṡoillsiġ gras Dé go deallruiġeaċ do ḃeir slánuġaḋ ris, ċum na nuile ḋáoineaḋ,

12 Ag taḃairt teagusg ḋúinne, fá neaṁḋíaġaċd agus ainmbían a tsáoġáilse do ṡeaċna, agus fa ar mbeaṫa do ċaiṫeaṁ ḋúinn go measarrġa, agus go cóṁṫrom, agus godíaġa, sa tsáoġalsa a láṫair;

13 Ar mbeiṫ ḋúinn ag fuireaċ ris an muinġin ḃeannuiġe, agus re teaċd deallruiġeaċ ġloire an Dé ṁóir eaḋon ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd;

14 Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.

15 Laḃair, agus teaguisg na neiṫese, agus ceartuiġ maille ris a nuile úġdarrás. Ná tarcaisniġeaḋ éunduine ṫú.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan