Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX Tuille doġrainn tar óis séideaḋ an 5 agus an 6 sduic.

1 Agus do ṡéid an cúigeaḋ aingeal a sdoc, agus do ċonnairc mé réult ag tuitim ó neaṁ ċum na talṁan: agus tugaḋ ḋó eoċair an ṗuill duḃaigéin.

2 Agus do ḟosguil sé an poll duḃaigéin; agus do éiriḋ deataċ as an bpoll, aṁuil as úaṁuiġ ṁóir ṫeineaḋ; agus do rinneaḋ an ġrían agus an taiéur dorċa ó ḋeatuiġ an ṗuill.

3 Agus tangadar lócusduiġe amaċ as an deatuiġ ar an dtalaṁ: agus tugaḋ cúṁaċda ḋóiḃ, do réir na gcúṁaċd atá ag airhreaċuiḃ niṁe na talṁan.

4 Agus a duḃraḋ ríu, Gan doċar do ḋéunaṁ dféur na talṁan, na do ní glas ar biṫ, ná do ċrann ar biṫ; aċd do na daóiniḃ aṁáin ag naċ ḃfuil séula Dé a gcláruiḃ a néudan.

5 Agus tugaḋ ḋóiḃ gan a marḃaḋ, aċd ḃeiṫ ḋá bpíanaḋ feaḋ ċúig míos: agus a bpían do ḃeiṫ mar ṗéin aiṫir niṁe, an tan ċailgeas sí duine.

6 Agus ann sna laeṫiḃ sin béid daóine ag íarruiḋ báis, agus ní ḃfuiġid é; agus buḋ mían ríu bás dfaġáil, agus teiṫfiḋ an bás úaṫa.

7 Agus bá cosṁuil faicsin na bpíasd sin ré heaċuiḃ ullaṁ ċum caṫa; agus ar a gceannuiḃ mar do ḃiaḋ corónaċa cosṁuil ré hór, agus a naiġṫe cosṁuil ré haiġṫiḃ daóine.

8 Agus do ḃí grúag orrṫa cosṁuil ré gruáig ḃan, agus bá cosnhuil a ḃfiacla ré fiacluiḃ leoṁan.

9 Agus do ḃádar lúireaċa orrṫa, cosṁuil ré lúireaċuiḃ íaruinn; agus fuáim a sgiaṫán cosṁuil ré fuáim carbad iomad eaċ ag ríoṫ a gceann ċaṫa.

10 Agus do ḃádar earbuil orrṫa cosṁuil ré haiṫréaċuíḃ niṁe, agus do ḃí cailg ann a nearbluíḃ: agus a sé bá cúṁaċda ḋóiḃ ḃeiṫ ag gortuġaḋ ḋáoineaḋ feaḋ ċúig míos.

11 Agus do ḃí rí aca ós a gcionn, aingeal an duḃaigéin, dárob ainm a Neaḃrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm ḋó Apollion.

12 Do ċuáiḋ áon truáiġe aṁáin ṫoruinn; agus, féuċ, atá ḋá ṫruáiġe fós ċum teaċda na ḋiáiġ so.

13 Agus do ṡéid an seiseaḋ aingeal a sdoc, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ áiriġe ó ċeiṫre haḋarcuiḃ na haltóra órrġa noċ atá a ḃfiaḋnuise Dé,

14 Ag ráḋ ris an seiseaḋ aingeal agá raiḃ an sdoc, Sgaóil na ceiṫre haingil noċ atá ceanguilte ag a naḃuinn ṁóir Euṗrátes.

15 Agus do sgaoileaḋ na ceiṫre haingil, noċ do ḃí ullaṁ dúair, agus do ló, agus do ṁí, agus do blíaḋain, ċum an treas coda do na daóiniḃ do ṁarḃaḋ.

16 Agus a sé uiḃir an ṁarcṡluaiġ ḋá ċéud mile do ṁiltiḃ: óir do ċúaluiḋ mé a nuiḃir.

17 Agus as áṁluiḋ so do ċonnairc mé na heíċ a dtaíḃse, agus an luċd do ḃí ar a muin, umá raḃadar lúireaċa tinntiġe, agus ar ḋaṫ na híacinṫ, agus na ruiḃe: agus bá cosṁuil cinn na neaċ ré ceannuiḃ leoṁan; agus táinic teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéuluiḃ amaċ.

18 As ris na trí pláiġiḃse do marḃaḋ an treas cuid do na daóiniḃ, ris an dteíne, agus ris a ndeatuiġ, agus ris an ruiḃ ṫáinic, as a mbéuluiḃ amaċ.

19 Oír is ann a mbéul atá a gcúṁaċda, agus ann a nearbluiḃ: oír is cosṁuil a nearbuill ré haiṫreaċuiḃ níṁe, agus atáid cinn ar na hearbluiḃsin, ré a ndéunuid dóċar.

20 Agus an ċuid do na daóiniḃ do fágḃaḋ gan ṁarḃaḋ ris na pláiġiḃse ni ḋearnadar aiṫriġe ar son oibreaċa a láṁ, ionnus naċ déunaidís seirḃís do ḋeaṁnuiḃ, agus dioḋaluiḃ óir, agus áirgid, agus ṗráis, agus ċloiċe, agus ċroinn, ris naċ éidir aṁarc, ná éisdeaċd, ná siuḃal:

21 Agus ní ḋearnadar aiṫriġe ar son a ndúnṁarḃṫa, ná ar son a bpiséog, ná ar son a sdríopaċais, ná ar son a ngaduiġeaċda.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan