Taisbeunaḋ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII Aṁluaḋ mór déis séideaḋ ċeiṫre, do na seaċd sdocaiḃ. 1 Agus an tan do ḟosguil sé an seaċdṁaḋ séula, do ḃí cíunas ar neaṁ túairim leaṫuáire. 2 Agus do ċonnairc mé na seaċd naingil do ṡeas a ḃfíaḋnuise Dé; agus tugaḋ seaċd sduic ḋóiḃ. 3 Agus tainic aingeal eile agus do ṡeas sé a ḃfíaḋnuise na haltora, agá raiḃ sionnsa órrġa; agus tugaḋ móran do neiṫiḃ deaġḃaluiḋ ḋó, ċum a gcurṫa maille ré hurnuiġiḃ na nuile náoṁ ar a naltóir órrġa do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫáoire. 4 Agus do ċuáiḋ deataċ na neiṫeann ndéaġḃaluiḋ sin, maille ré hurnuiġiḃ na náoṁ as láiṁ a naingil a ḃfíaḋnuise Dé. 5 Agus do ġlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do ṫeine na haltóra, agus do ṫeilg sé fan dtalaṁ é: agus do éiriġ góṫanna, agus tóirneaċ, agus tinnteaċ, agus criṫ talṁan ann. 6 Agus do ullṁúiġeadar na seaċd naingil agá raḃadar na seaċd sduic íad féin ċum na sdoc do ṡéideaḋ. 7 Agus do ṡéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloiċṡneaċda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeaḋ íad fón dtalaṁ: agus do ḋóiġeaḋ an treas cuid do na crannuiḃ, agus do dóiġeaḋ an féur glas uile. 8 Agus do ṡéid an dara haingeal a sdoc agus do teilgeaḋ cosaṁlaċd sléiḃe móir tré ṫeiniḋ fan ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil don treas cuid don ḟairrge; 9 Agus fuáir an treas an cuid do na creatúiriḃ do ḃí sa ḃfairrge, ann a raiḃ anam, bás; agus do haiḋṁilleaḋ an treas cuid do na longuiḃ. 10 Agus do ṡéid an treas aingeal a sdoc, agus do ṫuit réult ṁór ó néaṁ, ar dearglasaḋ mar lóċrann ṡolasda, agus do ṫuit sé sa treas cuid do na haiḃniḃ, agus sna tiubruidiḃ duisge; 11 Agus a sé ainm ġoirṫear don réult sin Mormónta: agus do hiompoiġeaḋ an treas cuid do na huisgiḋiḃ a mormónta; agus fúaradar morán bás ó ná huisgiḋiḃ, tré go raḃadar searḃ. 12 Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna. 13 Agus do ċonnairc mé, agus do ċúaluiḋ mé aingeal ná áonar ag eitealluiḋ a meaḋón neiṁe, ag ráḋ do ġúṫ árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitiġeas an talaṁ ar son ġóṫann sdoc na dtrí naingeal atá fós ċum teaċda, ar tí a sdoc do ṡéideaḋ! |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society