Taisbeunaḋ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Sguir na 4 naingil atá ós 4 ċorruiḃ na talṁan, ó ṁilleaḋ, no gur séulaḋ 144,000 dfiréunaiḃ Israel. 1 Agus na ḋiáiġ sin do ċonnairc me ceiṫre haingil na seasaṁ ar ċeiṫre corruiḃ na talṁan, ag congṁáil ċeiṫre ngáoṫa na talṁan, ionnus naċ séidfeaḋ an ġáoṫ ar an dtálaṁ, ná ar an ḃfairge, ná ar ċrann ar biṫ. 2 Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag éiriġe ón áird a nsoír, agá raiḃ séula Dé ḃí: agus do éiġ sé do ġúṫ árd ar na ceiṫre haingliḃ, dá dtugaḋ cúṁaċda an talaṁ agus a nfairrge ṁilleaḋ, 3 Ag ráḋ, Ná déunuiḋ doċar don talaṁ, ná don ḟairrge, ná do na crannuiḃ, nó go gcuiream séula ar searḃḟoġantuiġiḃ ar Ndé a gcláruiḃ a néudan. 4 Agus do ċúala mé uiḃir na druinge air ar cuireaḋ an séula: agus do séuluiġeaḋ céud agus ceaṫrar ar ḋá ḟiċead dó ṁíltiḃ do ṫreaḃuiḃ ċloinne Israel uile. 5 Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Iudá. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Rúben. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ġad. 6 Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Asér. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Neṗṫali. Do seuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṁanasses. 7 Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṡímeon. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Léḃi. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Issaċar. 8 Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṡabulón. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ióseṗ. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ḃeniamin. 9 Tar a éise sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, buiḋean mór, nár ḃéidir déinneaċ áireaṁ, do gaċ uile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṗubail, agus ṫeanguiḋ, na seasaṁ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfiaḋnuise a Nuáin, umá raḃadar róbuiḋe fada gleiġeala, agus pailm ann a laṁuiḃ; 10 Agus do éiġeadar do ġúṫ árd, ag ráḋ, Slánuġaḋ dár Ndíane atá na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, agus do Núan. 11 Agus do ṡeasadar na haingil uile a dtimċioll na caṫaóireaċ, agus na seanóiriġ agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus do léigeadar íad féin síos ar a naiġṫiḃ a ḃfiaḋnuisi na caṫáoireaċ, agus tugadar onóir do Ḋía, 12 Ag ráḋ, Amén: Molaḋ, agus glóir, agus éagna, agus buiḋeaċas, agus onóir, agus cúṁaċda, agus neart dár Ndíane go sáoġal na sáoġal. Amén. 13 Agus do ḟreagair neaċ do na seanóiriḃ, ag ráḋ riom, Créd íad an luċdsa umá ḃfuilid na róbuiḋe fada gléiġeala? agus cá hionad as a dtangadar? 14 Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin. 15 Uime sin atáid síad a ḃfíaḋnuise árdċaṫaoire Dé, agus do níd seirḃís dósan do ló agus doiḋċe ann a ṫeampoll: agus an tí atá na ṡuiġe sa gcaṫaóir áiteoċuiḋ sé na measg. 16 Ní ḃiáiḋ ocarus orra nisa ṁó, ná tart feasda orrṫa; agus ní luíġfiḋ an ġrían orrṫa, ná teas ar biṫ. 17 Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society