Taisbeunaḋ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI O leaḃair an Uain, osguilte uaiḋ féin aṁain, orduiġtear breiṫeaṁnus Dé do ċur a ccriċ, a bfeaḋ ṁaireas an sáoġal. 1 Do ċonnairc mé an tan do ḋosguil an Túan an ċéid séula do na séuluiġiḃ, agus do ċúaluiḋ mé beaṫaċ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ ag ráḋ, mar ḟúaim tóirrniġe, Gaḃ a leiṫ agus féuċ. 2 Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ bán: agus an tí do ṡuiġ air, do ḃí bóġa aige; agus tugaḋ coróin dó: agus do ċuáiġ sé amaċ maille ré buáiḋ, agus ċum buáiḋe do ḃreiṫ ḋó. 3 Agus an tan do ḟosguil sé an dar séula, do ċúaluiḋ mé an dara beaṫaċ ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ agus féuċ. 4 Agus do ċuáiḋ eaċ eile rúaḋ amaċ: agus tugaḋ cúṁaċda don té do ḃí na ṡuiḋe air, síoṫċáin na talṁan do ḃreiṫ ris, ionnus go dtiuḃraḋ orrṫa a ċéile ṁarḃaḋ: agus tugaḋ ḋó cloiġeaṁ mór. 5 Agus an tan do ḟosguil sé an treas séula, do ċúaluiḋ mé an treas beaṫaċ ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ agus féuċ. Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ dúḃ; agus an té do ḃí na ṡuiġe air do ḃí meaḋ aige na láiṁ. 6 Agus do ċúaluiḋ mé gúṫ a meaḋón na gceiṫre mbeaṫaċ ag ráḋ, Miosúr cruiṫneaċda air ṗíġin, agus trí miosúir éorna ar ṗíġinn; agus ná mill an ola ná an fíon. 7 Agus an tan do ḟosguil sé an ceaṫraṁaḋ séula, do ċúala me gúṫ an ċeaṫraṁaḋ beaṫuiġ ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ agus féuċ. 8 Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ glasḃán: agus a sé don ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugaḋ cúṁaċda ḋóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid don talaṁ, a marḃaḋ ré cloiḋeaṁ, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainṁinntiḃ állta na talṁan. 9 Agus an tan do ḟosguil sé an cúigeaḋ séula, do ċonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marḃaḋ ar son ḃréiṫre Dé, agus ar son na fíaḋnuise do ċosnadar: 10 Agus do éiġeadar go ġúṫ ard, ag ráḋ, Cá fad ḃías tú, a Ṫiġearna, náoṁṫa ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnus do ḃreiṫ agus dioġaltus do ḋéunaṁ ar son ar ḃfolainne ar an druing áitiġeas ar an dtalaṁ? 11 Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan. 12 Agus do ḟéuċ mé an tan do ḟosguil sé an seiseaḋ séula, agus, féuċ, do ċríoṫnuiġ an talaṁ go mór; agus do rinneaḋ an ġrían cóṁḋorċa ré héudaċ róin, agus do rinneaḋ an ġealaċ uile cósṁuil ré fuil; 13 Agus do ṫuiteadar réulta neiṁe ċum na talṁan, aṁuil ṫeilgeas an crann fige a húḃla anabuiḋ, an tan ḃogṫar í ré gaóiṫ ṫréin. 14 Agus do imṫiġ neaṁ ṫoruinn mar leaḃrán ḟilltear ar a ċéile; agus do haṫruiġeaḋ gaċ slíaḃ agus gaċ oiléun as a nionaduiḃ féin. 15 Agus do ḟoluiġeadar ríġṫe na talṁan, agus na daóine móra, agus na daóine saiḋḃre, agus na hárdċaiptíniġe, agus na daóine cúṁaċdaċ, agus gaċ searḃḟoġantuiġe, agus gaċ duine sáor, íad féin a dtuinṫiġiḃ agus a measg ċarrag na sléiḃteaḋ; 16 Agus a dúḃradar ris na sléiḃtiḃ agus ris na cairrgiḃ, Tuitiḃ oruinn, agus folċuiḋ sinn ó ġnúis an tí atá na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, agus ó ḟeirg a Nuáin: 17 Oír táinic lá mór a ḟeirge; agus cía ḟédus seasaṁ? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society