Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V Leaḃar riaġuilte agus ḟreasduil Ċríosd, dúnta.

1 Agus do ċonnairc mé ar láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, leaḃar sgríoḃṫa don táoiḃ a stiġ agus don táoḃ a muiġ, do daingniġeaḋ ré seaċd séula.

2 Agus do ċonnairc mé aingeal neartṁar noċ do ṡeanmóruíġ do ġúṫ árd, Cía atá iomċuḃaiḋ ċum an leaḃair dfosglaḋ, agus ċum a ṡéuluiġe sgáoileaḋ?

3 Agus níor ḃféidir ré héinneaċ air neaṁ, ná air talaṁ, ná fáoi an dtalaṁ, an leaḃar dfosglaḋ, ná fós feuċain air.

4 Ann sin do ċáoi mise go mór, do ḃríġ naċ raiḃ éinneaċ air ḟaġáil do bfíu an leaḃar dosglaḋ ná a leuġaḋ, na fós féuċain air.

5 Agus a dúḃairt neaċ do na seanóiriḃ riom, Ná guil: féuċ, rug an Leoṁan do ṫreiḃ Iúda, Fréuṁ Ḋáiḃí, buáiḋ air an leaḃar dfosglaḋ, agus ar a ṡeaċd séuluiġiḃ go sgáoileaḋ.

6 Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.

7 Agus táinic sé agus do ġlac sé an leaḃar as láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuiġe sa gcaṫaóir.

8 Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.

9 Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;

10 Agus go ndearna tú ríġṫe agus sagairt dinn dár Ndía féin: agus bíam ag ríaġluġaḋ air an dtalaṁ.

11 Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;

12 Ag ráḋ do ġúṫ árd, As fíu an Túan do ṁarḃaḋ cúṁaċda, agus saíḋḃrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus molaḋ dfaġáil.

13 Agus do ċúala mé gaċ uile ċreatúir dá ḃfuil ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus faói an talaṁ, agus dá ḃfuil sa ḃfairge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, ag ráḋ, Molaḋ, agus onóir, agus glóir, agus cúṁaċda, don té atá na ṡuiḋe sa gcaṫaoir, agus don Uan go sáoġal na sáoġal.

14 Agus a duḃradar na ceiṫre beaṫuiġ, Amén. Agus do léigeadar an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos ar a naiġṫiḃ agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan