Taisbeunaḋ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV Atá Rí, ceann, agus ardḃúaċaille na heagluise, ar na onóruġaḋ lé a Minisdriḃ. 1 Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so. 2 Agus do ḃí mé gan ḟuireaċ san sbioruid: agus, féuċ, do ḃí caṫáoir ríoġa ar na suiġeaḋ ar neaṁ, agus do ḃí neaċ na ṡuiḋe sa gcaṫáoir. 3 Agus an tí do ṡuiġ bá cosṁuil é ré na ḟéuċain ré cloiċ Iaispis agus Ṡardis: agus do ḃí boġa uisge a dtimċioll na caṫáoire fá gcuáirt, bá cosṁuil ré ná ḟéuċain ré cloiċ smaragad. 4 Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ. 5 Agus táinic amaċ ón gcaṫáoir sin tinnteaċ agus tóirrneaċ agus goṫanna: agus do ḃádar seaċd lampuiġe teineaḋ ar dearglasaḋ a ḃfíaḋnuise na caṫáoireaċ, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad. 6 Agus do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫaóireaċ fairrge ġloine bá cosṁuil ré criosdal: agus eidir an gcaṫaóir, agus na neiṫe do ḃí na timċioll, do ḃádar ceiṫre beaṫuiġ lán do ṡúiliḃ rompaḋ agus na ndiáiġ. 7 Agus bá cosṁuil an céud ḃeaṫaċ ré leoṁarr, agus an dara beaṫaċ cosṁuil ré láoḋ, agus ag an dtreas beaṫaċ do ḃí aġuiḋ mar ḋuine, agus bá cosṁuil an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ ré hoilar ag eitealluiḋ. 8 Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías. 9 An tan ṫugadar na beaṫuiḋ sin glóir onóir agus buiḋeaċas don té ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫáoir, noċ a ṁaireas go sáoġal na sáoġal, 10 Do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise an té do ṡuiġ sa gcaṫaóir, agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal, agus do ṫeilgeadar a gcorónaċa a ḃfíaḋnuise na caṫáoire, ag ráḋ, 11 As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society