Taisbeunaḋ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III Ríaġlóiriġe eagluisi 1 Sardis, 8 Ṗiladelṗia, 15 agus Laodicea ar na gcoṁáirliúġaḋ. 1 Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neiṫe a deir an ti agá ḃfuilid seaċd Sbiorada Dé, agus na seaċd réulta; As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, go ḃfuil ainm ort ḃeiṫ béo, giḋeaḋ atá tú marḃ. 2 Bí ad ḋúsaċd, agus neartuiġ an ċuid eile, atá ambáoġal báis: oir ni ḃfuáir mé hoibreaċa iomlán a ḃfiaḋnuise Dé. 3 Uime sin bíoḋ na neiṫe do ġlac agus do ċúala tú ar coiṁne agad, agus connaiṁ íad, agus déun aiṫriġe. Aċd ċeana muna ḋearna tú faire, tiucfa mé ort mar ġaduiġe, agus ní ḃiáiḋ fios na huáire a dtiucfa mé ort agud. 4 Atá beagán danmannuiḃ fos agad a Sardis nár ṡlauiḋ a néuduiġe; agus siuḃóluid síad má ráon riomsa a néuduiġiḃ gléiġeala: óir as fíu sin íad. 5 An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ. 6 An tí agá ḃfuil cluas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ. 7 Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Bṗiladelṗia; Ag so na neiṫe a deir an neaċ náoṁṫa, án neaċ fírinneaċ, agá ḃfuil eoċair Ḋáiḃi, an tí osglas, agus ní ḋúnann éinneaċ; an tí ḋúnas, agus ní osglann éunduine; 8 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa: féuċ, do ċuir mé doras osguilte roṁad, agus ní héidir déinneaċ a ḋúnaḋ: do ḃríġ go ḃfuil bríġ ḃeag ionnad, agus gur ċoiṁéid tú mo ḃríaṫarsa, agus nar ṡéun tú mainm. 9 Féuċ, do ḃéura mé air an druing do ṡínagóig Ṡátain, noċ a deir gur Iúdaiġeaḋ íad féin, agus naċ eaḋ, aċd do níd bréug; féuċ, do ḃéura mé orṫa teaċd agus sléuċduin do ḋéunaṁ agad ċosuiḃse, agus biaiḋ a ḟios aca go dtug mise gráḋ ḋuit. 10 Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ. 11 Féuċ, tiucfa mé go haiṫġearr: connaiṁ an ní atá agud, ionnus naċ béuraḋ éinneaḋ do ċoróin uáit. 12 Do ḋéuna mé posda a dteampoll mo Ḋé don tí ḃeireas buáiḋ, agus ní raċa sé ní sa ṁo amaċ: agus sgríoḃṫad ainm mo Ḋé air, agus ainm ċaiṫreaċ mó Ḋé, Iarusalém núaḋ, noċ ṫig a núas ó neaṁ ó mó Ḋía: agus mainm núaḋ féin. 13 A tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ. 14 Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé; 15 As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, naċ ḃfuil tú fuar ná teiṫ: do bfearr leam go mbeiṫeá fuár nó teiṫ. 16 Uime sin do ḃríġ go ḃfuil tú boigṫeiṫ, gan ḃeíṫ teiṫ no fuar, atá fúm do sceiṫ amaċ as mó ḃéul. 17 Oír a deir tú, Atáim saiḋḃir, agus líonta do ṁáoin, agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ éinneiṫe oram; agus gan a ḟios agad go ḃfuil tú dearóil, agus ad ṫrúaġan, agus boċd, agus dall, agus lomnoċd: 18 Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit. 19 An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe. 20 Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa. 21 Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan. 22 An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society