Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII Foillsiuġaḋ ṗarrṫáis neaṁḋa; 9 gan aḋraḋ daingiol ar biṫ; agus coṁḋúnaḋ an leaḃair.

1 Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ srúṫ glan duisge na beaṫa, coiṁḋeallruiġeaċ ré criosdal, ag teaċd amaċ ó ċaṫaóir Dé agus a Núain.

2 Agus a lár na ṡráide, agus ar gaċ táoḃ don tsrúṫ, do ḃí crann na beaṫa, do ḃeireaḋ ḋá ṫóraḋ ḋéug úaḋ, agus do ḃeireaḋ a ṫóraḋ úaḋ gaċa míos: agus do ḟoġlain duille an ċroinnsin ċum leiġis na gcineaḋaċ.

3 Agus ní ḃiáḋ malluġaḋ ar biṫ ann ní sa ṁó: aċd biáiḋ caṫaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do ḋéunuiḋ a ṡearḃḟoġantuiġeaḋa seirḃís dó:

4 Agus do ċífid síad a aġuiḋ; agus biáiḋ a ainm á gcláruiḃ a néudan.

5 Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.

6 Agus a duḃairt sé riom, Is díleas fíreanneaċ na bríaṫrasa: agus do ċuir an Tíġearna Día na ḃfáiḋeaḋ náoṁṫa a aingeal úaḋ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na neiṫe is éigean do ḋéunaṁ go haiṫġearr.

7 Féuċ, tigim go lúaṫ: is beannuiġe an tí ċoiṁéudas bríaṫra fáiḋeadoireaċda an leaḃairse.

8 Agus mise Eóin an tí do ċonnairc agus do ċúaluiḋ na neiṫese. Agus an tan do ċúala agus do ċonnairc íad, do ṫuit mé síos ċum sléuċdana do ḋéunaṁ a ḃfiaḋnuise ċos a naingil do ḟoillsiġ na neiṫese ḋaṁ.

9 Aċd a duḃairt sé riom, Seaċuin ṫú ar sin do ḋéunaṁ: óir is coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ ná fáiḋiḃ, agus don druing ċoiṁéudas bríaṫra an leaḃairse: déun sléuċduin do Ḋía.

10 A duḃairt se riom an tan sin, Ná séuluiḋ bríaṫra fáiḋeadóireaċda an leaḃairse: óir atá a naimsir a laṫair.

11 An tí do ní éugcóir, déunaḋ eugcóir do ġnáṫ: agus an tí atá neaṁġlan, bíoḋ neaṁġlan do ġnáṫ: agus bíoḋ an firéun, firéunta do ġnáṫ: agus bíoḋ an náoṁ, naoṁṫa do ġnáṫ.

12 Agus, féuċ, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúaċ sáoṫair agum, ċum a ṫaḃarṫa dá gaċ áon do réir mar ḃías a ġníoṁ.

13 As misi Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, an ċéidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ.

14 As beannuiġe an dream ċoiṁéudas a aiṫeanta, ionnus go mbíaḋ cumas ċrainn na beaṫa aca, agus cumas dul a steaċ trés na geataiḋiḃ don ċaṫruiġ.

15 Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.

16 Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.

17 Agus a deir an Sbiorad agus an ḃean núaḋṗosda, Tárr. Agus abraḋ an tí ċluin, Tárr. Agus tagaḋ an tí ar a ḃfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacaḋ sé uisge na beaṫa a naisgiḋ.

18 Oír do ním dfiaḋnuise dá gaċ áon dá gcluin bríaṫra faiḋeadóireaċda an leaḃairse, Dá gcuiriḋ éinneaċ tuilleaḋ ríu so, go gcuirfe Día airsean na pláġa atá sgrioḃṫa sa leaḃarsa:

19 Agus dá mbeanuiḋ éinneaċ do ḃríaṫruiḃ leaḃair na faiḋeadóireaċdsa, beanfuiḋ Día a ċuidsion as leaḃar na beaṫa, agus as a gcaṫair náoṁṫa, agus as na neiṫiḃ atá sgríoḃṫa sa leaḃarsa.

20 A deir an tí do ní fíaḋnuise na neiṫeannsa, Go deiṁin is gearr go dtiucfa mé; Amén. Uime sin, tarr, a Ṫíġearna Iósa.

21 Grása ar Dtíġearna Iósa Críosd maille riḃ uile. Amén. FOIRĊEANN

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan