Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI Neaṁ núaḋ agus talaṁ núaṁ arson na bfirein.

1 Agus do ċonnairc mé neaṁ núaḋ agus talaṁ núaḋ: óir do ċúaiḋ an céidneaṁ agus an céud ṫalaṁ ṫoruinn; agus ní raiḃ fairrge ann ní sa ṁó.

2 Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.

3 Agus do ċúala mé gúṫ mór ó neaṁ ag ráḋ, Féuċ, tabernacuil Dé ag daóiniḃ, agus do ḋéunuiḋ seision coṁnuiḋe na ḃḟoċair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáiḋ Día féin na ḃfoċairsion, agus buḋ he a Ndía.

4 Agus glanfuiḋ Día gaċ uile ḋéor ó na suiliḃ; agus ní ḃiáiḋ bás ann ní sa ṁó, ná caói, ná éiġṁe, agus ní ḃiáiḋ sáoṫar ann ní sa ṁó: óir do ċúadar na céidneiṫe ṫoruinn.

5 Agus a duḃairt an tí do ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, Féuċ, do ním na huile neiṫe núaḋ. Agus a duḃairt sé ríom, Sgríoḃ: óir is fírinneaċ díleas na bríaṫrasa.

6 Agus a duḃairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ. Do ḃéura mé don tí ar a ḃfuil tart ní ré iḃe do ṫobar uisge na beaṫa a naisgiḋ.

7 An tí ḃeireas buáiḋ buḋ hoiġre é ar an huile neiṫiḃ; agus biáiḋ mise um Ḋía aige, agus biáiḋ seision na ṁac agumsa.

8 Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.

9 Agus táinic neaċ do na seaċd naingliḃ ċugum agá raḃadar na seaċd soiṫiġe líonta do na seaċd bpláġuiḃ deiġeanaċa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ, taisbéunfadsa ḋuit an ḃean núaḋṗósda, bean a Nuáin.

10 Agus rug sé leis mé trés an sbioruid ċum sléiḃe móir áird, agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ an ċaṫair ṁór, Ierusalém náoṁṫa, ag teaċd ó Ḋía a núas as neaṁ,

11 Agá raiḃ glóir Dé: agus bá cosṁail an lonnraḋ do ḃí innte ré ċloiċ laspis, coṁġlan ré Criosdal;

12 Agus do ḃí balla mór árd aice, ar a raḃadar ḋa ġeata ḋéug, agus ḋá aingeal déug ag na geataiḋiḃ, agus anmanna sgríoḃṫa orrṫa, eaḋon anmanna ḋá ṫréaḃ ḋéug ċloinne Isráel.

13 Do ḃádar trí ġeata don táoḃ ṡoir; trí ġeata don táoḃ ṫuáiġ; trí ġeata don táoḃ ṫeas; agus trí ġeata don táoḃ ṡíar.

14 Agus do ḃádar ḋá ḟonndameint déug ag balla na caiṫreaċ, agus iontasan anmanna ḋá absdail déug a Nuáin.

15 Agus do ḃí ag an tí do laḃair riom giolcaċ órrġa, ċum na caiṫreaċ agus a geatuiġeaḋ, agus a balla do ṫoṁas dó.

16 Agus do ḃí an ċaṫair ar na suiġuiġaḋ go ceaṫair uilleannaċ, agus dob ionann fad agus leiṫead di: agus do ṫoṁais sé an ċaṫair ris an ngiolcaċ, ḋá ṁíle ḋéug sdáid. Agus is ionann fad agus leiṫead agus áirde ḋi.

17 Agus do ṫoṁais sé a bálla, céud agus ceaṫair air ḋá ḟiċead ċúḃad, do réir ṁíosuir ḋuine, eaḋon, a naingil.

18 Agus is ré cloiċ Iaspis do tógḃaḋ súas a balla: agus bá hór glan an ċaṫair féin, cosṁail ré gloine fíorġlan.

19 Agus do ḃádar fonndameinteintíġe ḃalla na caiṫreaċ ar na ndéunaṁ deaġṁaiseaċ ris a nuile gné ċloċ úasal. Bá Iaspis an céud ḟundameint: Saṗir, an dara fonndameint; Smaragaid, an ceáṫraṁaḋ fonndameint;

20 Sardónics, an cuigeaḋ fonndameint; Sardinis, an seiseaḋ fonndameint; Ċriosolit, an seaċdṁaḋ fonndameint; Berill, an toċdṁaḋ fonndameint; Topáis, an náoṁaḋ fonndameint; Ċrisoṗrasuis, an deaċṁaḋ fonndameint; Iácint, an táonuġaḋ fonndameint déug; Ametist an dara fonndameint déug.

21 Agus do ḃádar an dá ġeata ḋéug na ndá bpéurla ḋéug; agus is déinṗéurla do rinneaḋ gaċ geata ḋíoḃ fó leiṫ: agus do ḃí sráid na caiṫreaċ na hór ġlan, aṁuil gloine ḋeallruiġeaċ.

22 Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.

23 Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.

24 Agus siuḃalfuiḋ na cineaḋaċa díoḃ ata slan ann a solais sin: agus béuruid ríġṫe na talṁan a nglóir agus a nonóir ċuice.

25 Agus ní dúnfuiġṫear a geatuíḋe do ló: óir ní ḃiáiḋ oiḋċe ann sin.

26 Agus béurṫár glóir agus onóir na gcineaḋaċ da hionnsuiġe.

27 Agus ni raċa a steaċ innte ní ar biṫ neaṁġlan, ná do ní gráineaṁlaċd, ná bréug: aċd aṁáin an dream atá sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan