Taisbeunaḋ 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX Sonas séunṁar na heagluise ḟírinniġ ar an ttalaṁ, re aimsir ḟada, tar éis sgrios na níoḋal. 1 Agus do ċonnairc mé aingeal ag teaċd a núas ó neaṁ, agá raiḃ éoċar an ṗuill duḃaigein, agus slaḃraḋ mór ann a láiṁ. 2 Agus rug sé ar an drágún, an seanaṫair niṁe, noċ is Díaḃal agus is Satán ann, agus do ċeanguile sé é míle blíaḋain, 3 Agus do ṫeilg é sa bpoll duḃaigéin, agus do ḋún, agus do ċuir sé séula air, ionnus naċ meallfaḋ sé na cineaḋaċa ní sa ṁó, go ccoiṁlíonfuiḋ an míle blíaḋan: agus na ḋiáiġ sin is éigean a sgaóileaḋ feaḋ aimsire aiṫġearra. 4 Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin. 5 Agus an ċuid eile do na marḃuiḋ ní búḋ béo íad a rís go crioċnuġaḋ an ṁíle blíaḋan. A sí só an ċéud eiséirġe. 6 Is beannuiġe agus is náoṁṫa an tí agá ḃfuil cuid aige sa gcéud eiséirġe: óir ní ḃfuil cúṁaċda ag an dara bás orrṫa so, aċd béid síad na sagartuiḃ do Ḋía agus do Ċríosd, agus béid na ríoġuiḃ na ḟoċairsean míle blíaḋuin. 7 Agus an tan ċríoċnóċar an míle blíaḋan, sgaóilfiġṫear Satán as a ṗríosún, 8 Agus raċa sé amaċ do ṁeallaḋ na gcineaḋaċ noċ atá a gceiṫre ċorruiḃ na talṁan, Gog agus Magog, ċum a gcnúsuiġ a gceann a ċéile ċum caṫa; agá ḃfuil a nuiḃir aṁuil ġaineaṁ na fairrge. 9 Agus do ċúadar súas ar leiṫead na talṁan, agus do ṫimċiolladar campa na náoṁ, agus an ċaiṫair ionṁuin: agus táinic teine a núas ó neaṁ ó Ḋía, agus do ṡluig sí íad. 10 Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal. 11 Agus do ċonnairc mé caṫaóir ṁór ġeal, agus neaċ áiriġe na ṡuiḋe innte, agár ṫeiṫ talaṁ agus neaṁ roiṁe; agus ní fríṫ a náit. 12 Agus do ċonnairc mé na mairḃ, eidír ḃeag agus ṁór, na seasaṁ a ḃfíaḋnuise Dé; agus do hosglaḋ na leaḃair: agus do hosglaḋ leaḃar eile, eaḋon leaḃar na beaṫa: agus rugaḋ breaṫ ar na ṁarḃaiḃ as na neiṫiḃ do ḃí sgríoḃṫa sna leaḃruiḃ, do réir a ngníoṁarṫaḋ. 13 Agus tug an ḟairrge uáiṫe na mairḃ do ḃí innte; agus tug an bás agus ifearn úaṫa na mairḃ do ḃí aca: agus rugaḋ breaṫ orrṫa fó leíṫ do réir a ngníoṁarṫaḋ. 14 Agus do teilgeaḋ an bás agus ifearn a loċ teineaḋ. A sé so an dara bás. 15 Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society