Taisbeunaḋ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II Minisdreaḋ eagluise, 8 Smirna, 12 Pergamos, 18 agus Tiatira, ar na molaḋ a gcáil, agus diomolta a gcáil. 1 Sgrioḃ ċum aingil eagluise Eṗesuis; Ag so na neiṫe a deir an tí ċomgṁas na seaċd réulta na láiṁ ḋeis, noċ ṡiúḃlas a meaḋón na seaċd gcoinnleóir órrġa; 2 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ṡáoṫar, agus ṫfoiġid, agus náċ éidir leaċd iomċar ris na droċḋáoiniḃ: agus gur ḋearḃ tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus naċ eaḋ, agus fuáir tú breúgaċ íad: 3 Agus do cuireaḋ eire ort, agus iomċruiḋ tú go foiġideaċ, agus ar son ṁanmasa do rinne tú sáoṫar, agus níor tuirsiġeaḋ ṫú. 4 Giḋeaḋ atá agum a táḋuiġ, gur ṫréig tú do ċéudġráḋ. 5 Uime sin bíoḋ coiṁne agud cá hionad as ar ṫuit tú, agus bíoḋ aiṫreaċas ort, agus déun na céudoibreaċa; nó tiucfuiḋ mé ad ċoinne go haiṫġearr, agus aṫróċad do ċoinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aiṫriġe. 6 Giḋeaḋ atá so agad, go ḃfuil fúaṫ agad doibreaċuiḃ na Nícoláiteaċ, dá ḃfuil fúaṫ agumsa mar an gcéudna. 7 An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé. 8 Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neiṫe a déir an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ noċ fuáir bás, agus atá beó; 9 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ḃuáiḋirt, agus do ḃoċdaine, (giḋeaḋ atá tú sáiḋḃir) agus an ṁalsa do ḃeir an dream noċ a dei gur Iúduiġeaḋ íad féin, agus ní heaḋ aċd sinagóig Ṡátain. 10 Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa. 11 An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an spiorud ris na heagluisiḋiḃ; An tí ḃeireas buáiḋ ní ḃfuiġe sé doċar ón dara bás. 12 Agus sgrioḃ ċum aingil na heagluise atá a Bpergamus; Ag so na neíṫe a deir an tí agá ḃfuil an cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar; 13 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe. 14 Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuil agud sa náit sin dream leanas do ṫeagusg Ḃálaam, an tí do ṫeaguisg Bálac fá aḋḃar oilḃéime do ċur roiṁe ċloinn Israél, ionnus go níosdáois na neiṫe do ḃí ar na nioḋbairt dioḋaluiḃ, agus go ndéunaidís sdríopaċas. 15 As aṁluiḋ sin atá agudsa mar an gcéudna dream leanas do ṫeagusg na Nicoláiteaċ, an ní air a ḃfuil fúaṫ agumsa. 16 Déun aiṫriġe; nó tiucfa mé ort go haiṫġéarr, agus troidfead ríu ré cloiḋeaṁ mo ḃéil. 17 An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í. 18 Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neiṫe a deir Mac Dé, agá ḃfuilid a ṡúile mar Iasair ṫeineaḋ, agus a ċosa cosṁuil ré fionnḃruiné; 19 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ġráḋ, agus do ṁíniosdrálaċd, agus do ċreideaṁ, agus dfoiġid, agus do ġníoṁarṫa, agus gur líonṁuire íad fá ḋeireaḋ ná ó ṫosuiġ. 20 Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuilngeann tú don ṁnáoi Iesabel, a deir gur banḟáiḋ í féin, teagusg do ṫaḃairt uáiṫe agus mo ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa do ṁeallaḋ ċum sdríopaċais do ḋéunaṁ, agus ċum na neiṫeann atá ar na níoḋbairt dioḋaluiḃ iṫé. 21 Agus tug mé aimsir ḋi ċum aiṫriġe ḋéunaṁ a dtáoḃ a sdríopaċais; agus ní ḋearna sí aiṫriġe. 22 Féuċ, teilgfé mé í a leabuiḋ, agus an dream do ní drúis ría a mbuáiḋirt ro ṁóir, muna ḋearnuid síad aiṫriġe a dtáoḃ a ngníoṁarṫaḋ. 23 Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ. 24 Agus a deirim riḃse, agús rís an gcuid eile do luċd Ṫiatíra, an ṁéid naċ ccongṁann an teagusgsa, agus dá naċ feas doiṁne Ṡátain, mar a deirid síad; ní cuirfead oruiḃ úalaċ eile. 25 Giḋeaḋ congṁuiġ an ní atá aguiḃ go teaċd daṁsa. 26 Agus an tí ḃeireas buáiḋ, agus ċomgṁus moibreaċasa gus an gcríċ ḋeiġeanuiḋ, do ḃéur cúṁaċda ḋó ós cionn na gcineaḋaċ: 27 Agus do ḋéunuiḋ a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn; agus do ḋéuntar a gcoimbriseaḋ mar ṡoiṫiġe críaḋ: aṁuil as do ġlac mise fós óm Aṫair. 28 Agus do ḃéur ḋó réult na maidne. 29 An tí agá ḃfuil clúas éisdeaḋ se, créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society