Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX Caiṫreim aingliḋe arson ċeirte Dé, a ndíoġla fola a náoṁ ar a luċd sáruigṫe.

1 Agus a ndiáiġ na neíṫeannsa dó ċúala mé gúṫ árd buiḋne móire ar neaṁ, ag ráḋ Alleluía; Slánuġaḋ, agus glóir, agus onóir, agus cúṁaċda, don Tíġearna ar Ndíane:

2 Oír is fírinneaċ cóṁṫrom a ḃreaṫasan: óir do ḋamnuiġ sé an meirrdreaċ ṁór, do ṫruáill an talaṁ ré na sdríopaċas, agus do ḋíoġail se fuil a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ do dóirteaḋ ar á láiṁ.

3 Agus a duḃradar an dara huáir, Alleluía. Agus do éiriḋ a deataċ súas go sáoġal na sáoġal.

4 Agus do léigeadar an cearṫar ar ḟiċíd seanóir, agus na ceiṫre beaṫuiġ íad féin síos agus tugadar onóir do Ḋía do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, ag raḋ, Amén; Alleluía.

5 Agus táinic gúṫ amáċ ón gcaṫaóir, ag ráḋ, Moluiḋ ar Ndía, a uile ṡearḃḟoġantuiġeaḋa, agus a luċd air a ḃfuil a ḟaitċeas, eidir ḃeag agus ṁór.

6 Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.

7 Bíoḋ gáirdeaċas agus lúaṫġáir oruinne, agus tugam glóir ḋósan: óir táinic pósaḋ a Nuáin, agus do ullṁaiġ a ḃean í féin.

8 Agus tugaḋ ḋi í féin do éuduġaḋ do línéudaċ toġṫa, glan deallruiġeaċ: óir a sé is línéudaċ toġṫa ann fíréuntaċd na náoṁ.

9 A duḃairt sé riom an tan sin, Scríoḃ, Is beannúiġe an dream fuáir cuireaḋ ṡuipéir ḃainnse a Nuáin. Agus a duḃairt riom, A síad so briaṫra fírinneaċ Dé.

10 Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.

11 Agus do ċonnairc mé neaṁ osguilte, agus féuċ eaċ ban; agus a sé dob ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air Díleas agus Fírinneaċ, agus is do réir ċeirt do ní breiṫeaṁnus agus cosgaḋ.

12 Agus bá cosṁail a ṡúile ré lasair ṫeineaḋ, agus do ḃádar mórán coróineaċ ar a ċeann; agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige, nár baiṫne daóineaċ aċd dó féin.

13 Agus é ar na éuduġaḋ déudaċ do ṫomaḋ a ḃfuil: agus a sé ainm ġoirṫear ḋe Bríaṫar De.

14 Agus do leanadar slóiġ neiṁe é air éaċuiḃ bána, ar na néuduġaḋ do líneudaċ toġṫa, gléiġeal glan.

15 Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.

16 Agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige air a éudaċ agus air a ṡlíasaid, RI NA RIĠṪEAḊ, AGUS TIĠEARNA NA DTIĠEARNAḊ.

17 Agus do ċonnairc mé aingeal áiriġe na ṡeasaṁ sa ngréin; noċ do éiġ do ġúṫ árd, ag ráḋ ris na huile éunlaiṫ do ḃí ag eitealluiġ a lár neiṁe, Tigiḋ agus cruinniġṫear siḃ ċum suipéir an Dé ṁóir;

18 Ċum féola ríġṫeaḋ díṫe ḋíḃ, agus féola árdċaiptíneaḋ, agus féola ḋaóineaḋ cúṁaċdaċ, agus féola eaċ, agus an mbarcṡluáiġ ḃías orrṫa, agus féola na nuile, eidir ṡáor agus dáor, eidir ḃeag agus ṁór.

19 Agus do ċonnairc mé an tainṁiḋe, agus riġṫe na talṁan, agus a slóiġ, ar na gcruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile ċum coguiḋ ḋéunaṁ ris an tí do ḃí ar muin a neiċ, agus ré na ṡlúaġ.

20 Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.

21 Agus do marḃaḋ an ċuid eile ré cloiḋeaṁ an tí do ḃí air muin a neiċ, ṫáinic amaċ as a ḃéul: agus do sásaḋ na huile éunlaiṫ ré na ḃfeóil.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan