Taisbeunaḋ 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII Aóiḃneas na náoṁ iom ṫuitim Ḃabiloin íoḋalaḋraċ, ḟúar ċraiḃṫeaċ. 1 Agus a ndiáiġ na neiṫeannsa, do ċonnairc mé aingeal ag teaċd a núas ó neaṁ, agá raiḃ cúṁaċda móra; agus do ḋeallruiḋ an talaṁ ré na ġlóir. 2 Agus do éiġ sé go láidir go ġúṫ árd, ag raḋ, Do ṫuit, do ṫuit an Ḃabilóin ṁór, agus do rinneaḋ áit coṁnuiġe deaṁan di, agus ionaḋ congṁála gaċ spioruide neaṁġlóine, agus áit cúṁduiġ gaċ éinḟúaṫṁair neaṁġloin. 3 Oír do íḃeadar na huile cineaḋaċa dfíon ḟeirge a sdríopaċuis, agus do rinneadar ríġṫe na talṁán sdríopaċas ría, agus atáid ceannuiġṫe na talṁan ar na ndéunaṁ saíḋḃir ré hiomad a sáiṁe. 4 Agus do ċúala mé gúṫ eile ó neaṁ ag ráḋ, Tigiḋ amaċ aisde, mo ṗobalsa, deagla ḃeiṫ díḃ pártaċ ré na peacaiḋiḃ, agus pairt dfaġáil díḃ ḋá pláġuiḃ. 5 Oír do leanadar a peacṫuiġ a ċeile go neaṁ, agus do ċoiṁniġ Día air a droċḃeartuiḃ. 6 Tuguiḋ ḋi do réir mar ṫug sise ḋíḃse, agus tuguiḋ ḋi go dúbalta de réir a gníoṁarṫa: líonuiḋ ḋi go dúbalta an cupán do líon sise ḋíḃse. 7 Ionann agus do árduiġ sí í féin a nglóir agus a naóiḃneas, tuguiḋ ḋi sa méid ċéudna peannuid agus doilġeas: óir a deir sí na cróiḋe, Atáim um ṡuiḋe a nionad bainnrioġna, agus ní bainntreaḃaċ mé, agus ní ḟaicfe mé doilġeas. 8 Uime sin a náon lá aṁáin tiucfuid a pláġa, bás agus doilġeas, agus gorta; agus loisgfiġṫear í ré téine: óir is neartṁar an Tíġearna Día ḃéuras breaṫ ḋamnuiġe uirrṫe. 9 Agus béid ríġṫe na talṁan, ag gul agus ag caói ar a son, noċ do ċaiṫ a mbeaṫa a naḋaltrannas agus a sáiṁe maille ría, an tan ċifid deataċ na teineaḋ ré loisgfiġṫear í, 10 Agus seasfuid siad a ḃfad uáiṫe ré faitċeas a peannuide, ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór Babilón, an ċaṫair ṫréun! Óir a náonuáir aṁáin ṫáinic do ḃreiṫeaṁnus. 11 Agus béid ceannuiġṫe na talṁan ag gul agus ag caói ós a cionn; do ḃríġ naċ cceannċan éunduine a nearraḋa ní sa ṁó: 12 A nearraḋa óir, agus airgid, agus ċloċ mbúaḋa, agus ṗeurluiḋeaḋ, agus línéuduiġ cáol, agus ṗurpair, agus síoda, agus sgárlaóide, agus gaċ gné aḋmuid ṫine, agus gaċ gné ṡoiṫiḋ niṫear dfiaclaiḃ eleṗaint, agus gaċ gné ṡoiṫiḋ níṫear daḋmad ṁórluáiḋ, agus do ṗrás, agus díarann, agus do ṁarmar, 13 Agus cainéul, agus neiṫe deaġḃaluiḋ, agus oinnemeint, agus túis, agus fíon, agus ola, agus plúr mínġeal, agus cruiṫneaċd, agus ainṁinntiġe, agus caóiriḋ, agus éiċ, agus carbuid, agus searḃḟoġantuiġiḋ, agus anmanna daóineaḋ. 14 Agus do imṫiġeadar na tórṫa ann a raiḃ fonn ag ṫanam uáid, agus do imṫiġeadar na huile neiṫe méiṫe maiseaċa uáid, agus ní ḃéid síad ar fáġáil féasda agud. 15 Seasfuid ceannuiġṫe na neiṫeannsa do rínneaḋ saiḋḃir ría, a ḃfad uáiṫe ar eagla a peannuide, ag gul agus ag cáoi, 16 Agus ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór, do ḃí ar na héuduġaḋ do linéudaċ caól, agus do ṗurpaír, agus do sgárlaóid, agus do ḃí ar na hóraḋ ré hór, agus ré cloċuiḃ búaḋa, agus ré péurluiġiḃ! 17 Cionnas do cuireaḋ fá neaṁní ċoṁmór sin do ṡaiḋḃrios ré heaḋ éunuáire. Agus seasfuiḋ gáċ maiġisdir luinge, agus gaċ duine ṡéolas a longuiḃ, agus na máirnéuluiġ, agus an ṁéid do ġeiḃ soċar na fairrge, a ḃfad uáiṫe, 18 Agus béid ag éiġṁe an tan ċífid deataċ na teineaḋ ré a loisgfiġtear í, ag ráḋ, Cía an ċaṫair bá cosṁail ris an gcaṫair ṁóirse! 19 Agus teilgfid luáiṫreaċ ar a gceannuiḃ, agus béid ag éiġṁe, ag gul agus ag caói, ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór, ré ndearnaḋ saiḋḃir an ṁéid agá raḃadar longa ar fairrge do ḃríġ a saiḋḃriosa sin! Óir do fasuiġeaḋ í a néunuáir. 20 O a ḟlaiṫeaṁnuis, bíoḋ gairdearċas ort dá táoḃ, agus oruiḃse a apsdala agus a ḟáiḋe náoṁṫa; óir do riune Día dioġaltus uirrṫe ar ḃur sonsa. 21 Agus do ṫóg aingeal néartṁar áiriġe cloċ suás mar ċloiċ ṁóir ṁuilinn, agus do ṫeilg í sa ḃfairrge, ag ráḋ, Is mar so teilgfiḋṫear an Ḃabilón an ċaṫair ṁór síos ré foirrneart, agus ní ḃiáiḋ air faġáil ní sa ṁó. 22 Agus ní cluinfiġṫear ionnad ní sa ṁó fuáim cláirséoraḋ, ná luċd ciúil, ná ṗíobaireaḋ, ná ṫrompóireaḋ; agus ní ḃiáiḋ éinḟear ceirde déinċeird air biṫ air faġáil ionnad ní sa ṁó, agus ní cluinfiġṫear ionnad ní sa ṁó fuáim ċloiċṫe muilinn; 23 Agus ní ṡoillséoċuiġ solas coinnle ní sa ṁó ionnad; agus ní cluinfiġṫear gúṫ fir ná mná nuáḋṗósda ní sa ṁó ionnad: óir bá híad do ċeannuiġṫe daóine móra na talṁan; agus is réd ṗiséoguiḃ do meallaḋ na huile ċineaḋaċa. 24 Agus is innte fríṫ fuil na ḃfaiḋeaḋ, agus na náoṁ, agus na nuile ḋaóineaḋ do marḃaḋ ar an dtalaṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society