Taisbeunaḋ 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII Ḃreiṫeaṁus na sdriopuiġe móire, noċ ṫarraing tiorṫa oile go úṁla a hioṁuiġe greanta, la na saiḋḃrios neirt, agus foġluim. 1 Agus táinic aingeal do na seaċd naingliḃ agá raḃadar na seaċd soiṫiġe, agus do laḃáir sé riom, ag ráḋ riom, Gaḃ a leiṫ; taisbéana mé ḋuit dámnuġaḋ na méirrdriġ móire atá na suiḋe ár uisgeḋiḃ iomḋa: 2 Ré a ndearnadar ríġṫe na talṁan sdríopaċas, agus agá ḃfuilid áitreaḃuiḋ na talṁan ar misge o ḟion a sdriopaċais. 3 Agus rug sé ris mé fán ḃfásaċ trés an spioruid: agus do ċonnairc mé bean na sniḋe ar ainṁiḋe air ḋáṫ na sgárrlaóide, lán danmannuiḃ blaísṗéimiġe, ar a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca. 4 Agus an ḃean ar na héudúġaḋ do ṗúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóraḋ ré hór agus ré cloċuiḃ morluáiḋ agus ré péurluiġiḋ, agus do ḃí cupán órrġa aice na láiṁ lán do ġráineaṁlaċd agus do neaṁġloine a sdríopaċais. 5 Agus ainm sgríoḃṫa aglár a héudúin, RUINDIAṀAIR, AN ḂABILON ṀOR, MAṪAIR SDRIOPAĊAIS AGUS ĠRAINEAṀLAĊDA NA TALṀAN. 6 Agus do ċonnairc mé an ḃean sin air misge dfuil na náoṁ, agus dfuil ṁairtíreaċ Iósa: agus ar na faicsin daṁ, do ġaḃ iongnaḋ roṁor mé. 7 Agus a dúḃairt an taingeal riom, Cred fá ngaḃann iongaḋ ṫú? foillséoċadsa ḋuit rúindíaṁair na mná, agus a nainṁiḋe iomċras í, ar a ḃfuil seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca. 8 An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá. 9 Ann so atá ninntinn aga ḃfuil éagna. Na seaċd gcinn úd, is seaċd gcnuic íad, ar a ḃfuil an ḃean na suiḋe. 10 As seaċd ríġṫe íad mar an gcédna: do ṫuiteadar cúigḟear ḋíoḃ, agus mairiḋ áon, agus atá áon eile gan teaċd fós; agus an tan ṫiucfus se, as goirid ċaiṫfeas sé faireaċ. 11 Agus an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ ḃfuil, a sé fós an toċdṁaḋ é, agus as don ṁóirṡeisear é, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios. 12 Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tu as deiċ ríġṫe íad, nar ġaḃ ríoġaċd ċuca fós, aċd ġeaḃus cúṁaċda ċuca mar ríoġuiḃ a náonúair ris a nainṁíḋe. 13 Atáid so ḋéunċóṁairle, agus do ḃéuruid a neart agus a gcúṁaċda dón nainṁíḋe. 14 Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic. 15 Agus a duḃairt sé ríom, Na huisgeaḋa do ċonnairc tú, sa nionad na ḃfuil an ṁeírrdreaċ na suiḋe, as puibleaċa, agus coiṁṫionóil, agus cíneaḋaċa, agus teangṫa iad. 16 Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tú air a nainṁíḋe, biáiḋ fúaṫ aca don ṁeirrdriġ, agus fúigfid fásuiġe noċduiġe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í. 17 Oír do ċuir Día na gcroiḋṫiḃ a ṫoil féin do ḋéunaṁ, agus íad féin do ḃeiṫ déuntoil, agus a ríoġaċd do ṫaḃairt don nainṁíḋe, go coiṁlionfuiġṫear bríaṫra Dé. 18 Agus an bean do ċonnairc tú a sí an ċaṫair ṁór í, agá ḃfuil ríoġaċd ós ríoġuiḃ na talṁan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society