Taisbeunaḋ 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI Do ḋóirteaḋ soiṫiġe feirg Dé, ar ḋúṫuiġiḃ na nioḋal fada ó ṡin. 1 Agus do ċúala mé gúṫ árd as an dteampoll ag ráḋ ris na seaċd naingliḃ, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, agus dóirtiġe soiṫiġe ḟeirge Dé ar an dtalaṁ. 2 Agus do imṫiġ an ċéudaingeal roiṁe, agus do ḋóirt sé a ṡoiṫeaċ ar an dtalaṁ; agus do éiriḋ droċ neasgóid niṁneaċ don druing ar a raiḃ cóṁarṫa a nainṁiḋe, agus don luċd do onóruiġ a ioṁáiġ. 3 Agus do ḋoirt an dara haingeal a ṡoiṫeaċ fan ḃfairrge; agus tárrla ḋi ḃeiṫ mar ḟuil ḋuine ṁairḃ; agus fuáir a nuile ḃeaṫaċ sa ḃfairrge bás. 4 Agus do ḋóirt an treas aingeal a ṡoiṫeaċ sna haiḃniḃ agus sna tiubruidiḃ fíoruisge; agus do rinneaḋ fuil dioḃ. 5 Agus do ċúala mé aingeal na nuisgeaḋ ag ráḋ, Is cóṁṫrom ṫú, a Ṫíġearna, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías, tré go rug tú breaṫ air na neiṫiḃse. 6 Óir do ḋóirteadarsan fuil na náoṁ agus na ḃfáiḋeaḋ, agus tug tusa fuil re ól dóiḃ; óir do ṫuilleadar sin. 7 Agus do ċúaluiḋ mé neaċ eile ó níosdaḋ náoṁṫa ag ráḋ, A seaḋ, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, is fírinneaċ cóṁṫrom do ḃreaṫasa. 8 Agus do ḋóirt an ceaṫraṁaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar an ngréin; agus tugaḋ cúṁaċda ḋó daóine do ṗíanaḋ ré hainteas teineaḋ. 9 Agus do ḃádar daóine ar fiuċaḋ ré hainteas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm Dé, agá ḃfuil cúṁaċda ós na pláġuiḃsi: agus ni ḋearnadar aiṫriġe ċum glóire do ṫaḃairt dósan. 10 Agus do ḋóirt an cúigeaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar ċaṫaóir a nainṁiḋe; agus do rinneaḋ a rioġaċd lán dá ḋorċaduis; agus do ċognadar a dteangṫa ré hiomad doilġeasa, 11 Agus do ṁasluiġeadar Día neiṁe tré iomad a ndoilġeasa agus a neasgoideaḋ, agus ní ḋearnadar aiṫriġe ar son a noibreaċa. 12 Agus do ḋóirt an seiseaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ sa naḃuinn ṁóir Euṗrátes; agus do ṫiormuiġ a huisge, ionnus go mbíaḋ an tsliġe réiḋ ag ríoġuiḃ na háirde ṡoir. 13 Agus do ċonnairc mé trí spiorada néaṁġlana bá cosṁuil ré cnadáin ag teaċd amaċ as béul an dragúin, agus as béul a nainṁiḋe, agus as béul an ḟáiḋ ḟallsa. 14 Oir is spiorada deaṁan íad, ḃíos ag déunaṁ cóṁarṫaḋ, agus ṫéid amaċ go ríoġuiḃ na talṁan agus an doṁuin uile, ċum a gcóṁċruinniġe a gceann ċaṫa láe ṁóir Ḋé Uileċúṁaċduiġ. 15 (Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.) 16 Agus do ċruinniḋ Día íad go háit dá ngoirṫear a Neaḃráis Armageddon. 17 Agus do ḋóirt an seaċdṁaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ fá a naiér; agus táinic gúṫ árd amaċ as teampoll neiṁe ón gcaṫaóir ag ráḋ, Atá sé déunta. 18 Agus do ḃádar góṫanna, agus teinteaċ, agus tóirrneaċ ann; agus tárrla crioṫ mór talṁan ann, naċ raiḃ a leiṫid ann a ríaṁ ón traṫ fá raḃadar daóine ar an dtalaṁ, ċoṁmór sin do ċrioṫ talṁan. 19 Agus do rannaḋ an ċaṫair ṁór a dtrí cotannuiḃ, agus do ṫuiteadar caiṫreaċa na gcineaḋaċ: agus ṫáinic an Ḃabilóin ṁór a gcuiṁne a laṫair Dé, ionnus go dtiuḃraḋ sé cupán dfíon ċaṫuiġ a ḟeirge ḋi. 20 Agus do ṫeiṫ gaċ uile oiléun, agus ní raiḃ na sléiḃte air faġáil. 21 Agus do ṫuit cloiċṡneaċda mór a núas ó neaṁ, a gcóṁṫrom taluinne air ḋaóiniḃ: agus do ṁasluiġeadar daóine Día tré ṗláiġ an ċloiċṡneaċda sin; óir do ḃí a ṗláiġ roṁór. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society