Taisbeunaḋ 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV Seaċd pláġa ó Ḋía ar ti dortaḋ a maċ ar an impireaċd ḟoiregeantaċ, ioḋolaḋraċ, ré seaċd naingliḃ. 1 Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé. 2 Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca. 3 Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ. 4 Cía air naċ biáiḋ eagla róṁad, a Ṫíġearna, agus naċ dtiuḃraḋ glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naoṁṫa: óir tiucfuid na huile ċineaḋaċa agus sléuċdfuid ad fíaḋnuise; óir atáid do ḃreiṫeaṁnuis ar na ḃfoillsiuġaḋ. 5 Agus daṁairc mé ná ḋiáiġ sin, agus, féuċ, do hosglaḋ teampoll ṫabernacuil na fíaḋnuise ar neaṁ: 6 Agus tangadar na seaċd naingil amaċ as an dteampoll, agá raḃadar na seaċd bpláġa, umá raiḃ línéudaċ glan deallruiġeaċ, agus íad ar na gcreasrúġaḋ ré creasanuiḃ órrġa a dtimċioll a noċda. 7 Agus tug beaṫaċ do na ceiṫre beaṫaiḋiḃ do na seaċd naingliḃ seaċd soiṫiġe órrġa líonta dfeirg Dé, ṁaireas go sáoġal na sáoġal. 8 Agus do líonaḋ an teampoll ré deatuiġ ó ġlóir Dé, agus ó na ċúṁaċduiḃ; agus níor ḃféidir déineaċ dul a steaċ don teampoll, nó go raḃadar seaċd bpláġa na seaċd naingeal ar na gcríoċnuġaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society