Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV Búaiḋ Ċríosd úan Dé fa ḋeóiġ ar a uile naiṁdiḃ, a ḃfoġṁair ḋeiġeanaċ an tsáoġail.

1 Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.

2 Agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ó neaṁ, mar ḟuáim iomad uisgeaḋ, agus mar ḟuáim tóirniġ móire: agus do ċúaluiḋ mé fuáim cláirséoraḋ ag déunaṁ ceóil ré na gcláirseaċuiḃ:

3 Agus do ċannadar mar do ḃíaḋ céol núaḋ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfíaḋnuise na gceiṫre mbeaṫaċ, agus na seanóireaḋ: agus níor ḃféidir déinneaċ an céol sin dfoġlaim aċd aṁáin don ċéud agus do na ceiṫre ar ḋá ḟiċead do ṁíltiḃ, do ḃí ar na gceannaċ ón dtalaṁ.

4 A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.

5 Agus ní fríṫ cealg na mbéul: óir atáid gan ċáiḋe a ḃfíaḋnuisi ċaṫaóire Dé.

6 Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag eitealluiġ a meaḋón neiṁe, agá raiḃ soisgéul síorruiḋe ċum a ṡoisgéulta don druing áitreaḃas an talaṁ, agus do nuile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal,

7 Ag ráḋ do ġúṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oruiḃ, agus tuguiḋ glóir ḋó; óir táinic uáir a ḃreiṫeaṁnuis: agus déunuiġ úṁla don tí do ċrúṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟairrge, agus na tuibruideaċa uisge.

8 Agus do lean aingeal eile, ag ráḋ, Do ṫuit, do ṫuit an Ḃabilóin, an ċaṫair ṁór; óir tug sí air na huile ċineaḋaċuiḃ fíon feirge a sdríopaċuis diḃe.

9 Agus do lean an treas aingeal íad, ag ráḋ do ġúṫ árd, Má ḃeir éinneaċ onóir don nainṁiḋe agus dá íoṁáiġ, agus go ngéuḃa ċuige a ċoṁarṫa a gclár á éudain, nó ann a láiṁ,

10 I ḃfiḋ an tise fós dfíon ḟeirge Dé, do nfíon ġlan líontar a gcupán a ḟeirge; agus do ġeaḃuiḋ a ṗíanaḋ a dteine agus a ruiḃ a ḃfiaḋnuise na naingeal náoṁṫa, agus a ḃfíaḋnuise a Nuáin:

11 Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.

12 Is ann so atá foiġid na náoṁ: is ann so ḋearḃṫar an dream ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus creideaṁ Iósa.

13 Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.

14 Agus daṁairc mé, agus féuċ néull geal, agus neaċ na ṡuiḋe air a néull cosṁuil ré Mac an duine, agá raiḃ coróin órrġa ar a ċeann, agus corrán géur ann a láiṁ.

15 Agus táinic aingeal eile amaċ as an dteampoll, ag éiġme do ġúṫ árd ar an tí do ḃí na ṡuiḋe air a néull, Saiṫ a steaċ do ċorrán, agus buáin: óir rug aimsir na buána ort; óir atá fóġṁar na talṁan apuiḋe.

16 Agus do ṡáiṫ an tí do ḃí na ṡúiḋe air a néull a ċorrán a steaċ fán dtalaṁ; agus do beanaḋ an talaṁ.

17 Agus táinic aingeal eile amaċ as an teampull noċ atá ar neaṁ, ag a raiḃ iomorro corrán géur.

18 Agus táinic aingeal eile amaċ ón altóir, agá raiḃ cúṁaċda ós cionn na teineaḋ; agus do éiġ sé do ġúṫ árd air an ti agá raiḃ an corrán géur, ag ráḋ, Saiṫ a steaċ do ċorrán géur, agus cnúasuiġ tarpáin ḟíneaṁna na talṁan; óir atáid a cáora apuiḋe.

19 Agus do ṡáiṫ an taingeal a ċorrán a steaċ fán dtalaṁ, agus do ċnúasuiġ sé fíneaṁuin na talṁan, agus do ṫeilg é a númair mór ḟeirge Dé.

20 Agus do brúġaḋ an túmar re cosuiḃ don táoḃ amuiġ don ċaṫruiġ: agus táinic fuil amaċ as a númar go sríanuiḃ na neaċ, feaḋ ṁíle ar ṡé ċéud sdáid.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan