Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Taisbeunaḋ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII Ainticríosd, agus a luċd seaċṁaḋ a náḋraḋ na níoḋol.

1 Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.

2 Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.

3 Agus do ċonnairc mé ceann dá ċeannuiḃ aṁuil do ḃíaḋ cneaḋ ḃáis air; agus do leiġeasaḋ a ċneaḋ ḃáis: agus do ġaḃ iongnaḋ an talaṁ uile a ndiáiġ a nainṁiḋe.

4 Agus tugadar onóir don dragún noċ tug cuṁaċda don nainṁiḋe, agus tugadar onóir don ainṁiḋe, ag ráḋ, Cía as cosṁuil ris a nianṁiḋe? Cía ḟéudus cogaḋ ḋéunaṁ ris?

5 Agus tugaḋ béul do laḃrus neiṫe mora agus blaisṗéimiġ; agus tugaḋ cúṁaċda ḋó cogaḋ ḋéunaṁ air feaḋ ḋá ṁíos agus dá ḟiċead.

6 Agus do ḟosguil sé a ḃéul ċum Dé ṁasluġaḋ; ċum a anma ṁasluġaḋ, agus a ṫabernacail, agus na druinge áireaḃas air neaṁ.

7 Agus tugaḋ ḋó cogaḋ ḋéunaṁ ris na náoṁuiḃ, agus buáiḋ do ḃreiṫ orrṫa: agus tugaḋ cúṁaċda ḋó ós cionn gaċ uile ṫréiḃe, agus ṫeanguiḋ, agus ċiniḋ.

8 Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.

9 Giḋ bé agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé.

10 Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.

11 Agus do ċonnairc mé ainṁiḋe eile ag éirġe as an dtalaṁ; air a raḃadar ḋá aḋáirc cosṁuil ré haḋárcuiḃ uáin, aċd do laḃraḋ se mar ḋragún.

12 Agus do rinne sé gaċ ní dár ḃféidir ris an gcéud ainmiḋe ḋéunaṁ ḋá laṫair, agus tug sé air an dtalaṁ agus air an druing áitreaḃas ann onóir do ṫaḃairt don ċéud áinṁiḋe, agár leiġeasaḋ a ċneaḋ ḃáis.

13 Agus do rinne sé miorḃuile móra, ionnus go dtug sé fó deara teine ṫeaċd a núas ó neaṁ ċum na talṁan a ḃfíaḋnuise na ndaóineaḋ.

14 Agus do ṁeall sé an luċd áitreaḃas an talaṁ do ḃríġ na miorḃuileaḋ tugaḋ ḋó ré a ndéunaṁ láṫair a nainṁiḋe; ag ráḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, Ioṁáiġ a ḋéunaṁ don náinṁiḋe, air a raiḃ an buille cloiḋiṁ, agus do ḃí béo.

15 Agus tugaḋ cúṁaċda ḋó, sbíorad do ṫaḃairt díoṁáiġ a náinṁiḋe, ionnus go laiḃéoraḋ ioṁáiġ a nainṁiḋe, agus go dtiuḃraḋ fó deara an ṁéidnaċ dtiuḃraḋ onóir díoṁaiġ a nainṁiḋe, do ṁarḃaḋ.

16 Agus tug sé air a nuile ḋuine, eidir ḃeag agus ṁór, eidir ṡaiḋḃir agus ḋaiḋḃir, eidir ṡáor agus dáor, coṁarṫa do ġaḃáil ċuca na láiṁ ḋeis, nó a gcláruiḃ a néudan:

17 Agus naċ bíaḋ cúmas ag éinneaċ réic nó ceannaċ, aċd aṁáin ag an tí ar a mbíaḋ an coṁarṫa, nó ainm a nainṁiḋe, nó úiḃir a anma.

18 Ann so atá a néagna. An tí agá ḃfuil inntleaċd áirṁeaḋ sé úiḃir a nainṁiḋe: óir as úiḃir ḋuine é; agus a sé as uiḃir ḋó Sé ċéud trí fiċid agus a sé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan