Taisbeunaḋ 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII Caṫ ċoiṁeaduiġe na heagluise absdalta, anaḋaiḋ ḋeaṁan, agus a naḋraḋ. 1 Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann: 2 Agus ar mbeiṫ ḋí torraċ do éiġ sí, ré tineas leinḃ, agus do píanaḋ í do ṁían a teirrċeasa do ḃreiṫ. 3 Agus do taiḋḃreaḋ coṁarṫa iongantaċ eile ar neaṁ: agus féuċ dragún mór rúaḋ, air a raḃadar seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca, agus seaċd gcorónaċa ar a ċeannuiḃ. 4 Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ. 5 Agus rug sí mac, riaġlóċus na huile ċineaḋaċa ré slait íarruinn: agus do tógḃaḋ súas a mac ċum Dé, agus ċum a ċaṫaóireaċ. 6 Agus do ṫeiṫ an ḃeann ċum an ḟásuiġ, mar ar ullṁuiġ Día áit ḋi, ċum a beaṫuiġe ann sin ar feaḋ ṁíle ḋá ċéud agus ṫrí fiċid lá. 7 Agus do ḃí cáṫ ar neaṁ: do ċáṫuiġ Miċéul agus a aingil ris an dragún; agus do ċáṫuiġ an dragún agus a aingil riusún, 8 Giḋeaḋ ní rugadar buáiḋ; agus ní fríṫ a náit ó ṡin amaċ ar neaṁ. 9 Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris. 10 Agus do ċúala mé gúṫ mór ar neaṁ, ag ráḋ, A nois atá slánuġaḋ, agus neart, agus ríoġaċd ar Ndéine, agus cuṁaċda a Ċríosdsan: óir do téilgeaḋ síos fear éiliġṫe ar ndearḃraiṫreaċ, noċ do ḃí ḋá néiliuġaḋ do ló agus doiḋċe a ḃfíaḋnuise ar Ndé. 11 Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás. 12 Uime sin a ḟlaiṫeaṁnasa, bíoḋ gairdeaċas oruiḃ, agus oruiḃse a luċd áitreaḃas ionnta. As mairg do aitréiḃuiġ an talaṁ agus do nfairrge! Óir táinic an díaḃal a nsúas ċúguiḃ, lán do ċúṫaċ feirge, ar mbeiṫ a ḟeasa aige gur ab aiṫġearr a aimsir. 13 Agus an tan do ċonnairc an dragún gur teilgeaḋ síos ar an dtalaṁ é, do rinne sé gérleanṁuin air an mnaói rug an leanaḃ mic. 14 Agus tugaḋ don ṁnaói ḋá sgiaṫán iolair ṁóir, ċum dul dí ar eitealluiġ fán ḃfásaċ, dá hionad féin, sa náit a noiltear í feaḋ aimsire, agus aimsioraċ, agus leiṫ aimsire, ó aṁarc a naiṫir niṁe. 15 Agus do ṫeilg a naiṫir niṁe uisge mar ṡrúṫ as a ḃéul a ndiáiġ na mná, ionnus go dtiuḃraḋ fó deara ḋi imṫeaċd ré fánuiġ ris an tsrúṫ. 16 Aċd tug an talaṁ cáḃair don ṁnaói, agus dfosguil an talaṁ a ḃéul, agus do ṡluig sé an srúṫ do ṫeilg an drágun as a ḃéul. 17 Agus do ġáḃ fearg an dragún ris an mnaói, agus do imṫiġ sé do ḋéunaṁ coguiḋ ris an gcuid eile dá síol, ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus aga ḃfuil fíaḋnuise Iósa Críosd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society