Taisbeunaḋ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI Eiseirġe ḋá ḟiaġnaise na firinne (a nriġeaċd agus a neagluis) 15 re seideaḋ na 7 sduic. 1 Agus tugaḋ ḋaṁ giolcaċ cosṁuil ré slait: agus do ṡeas an taingeal láiṁ riom, agus a duḃairt, Eiriḋ, agus toṁais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirḃís ann. 2 Aċd teilg amaċ an ċúirt atá don táoḃ amuiġ don teampoll, agus ná toṁais í; óir tugaḋ í do na Cineaḋaċuiḃ: agus do ḋéunuid an ċaṫair náoṁṫa ṡaltairt fá na gcosuiḃ ré heaḋ ḋá ṁíos agus dá ḟíċead. 3 Agus do ḃéura mé cúṁaċd dom ḋá fíaḋnuisiġe, agus béid síad ag faiḋeadóireaċd míle ḋá ċéud agus trí fiċid lá, ar na néuduġaḋ déuduiġiḃ róin. 4 Ag so an dá ċrann ola agus an dá ċoinnleóir, ṡeasas a ḃfiaḋnuise Ṫíġearna na talṁan. 5 Agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, tig teine amaċ as a mbéul, agus sluigiḋ sí a naiṁde: agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, as aṁluiḋ so ás éigean a ṁarḃaḋ, 6 Atá do ċúṁaċduiḃ aca so neaṁ do ḋúnaḋ, ionnas naċ mbíaḋ fearṫuin ann a laeṫiḃ a ḃfáiḋeadóireaċda: agus atá cúṁaċda aca ós na huisgiḋiḃ ar a niompóġ a ḃfuil, agus ar an dtalaṁ do ḃúalaḋ ré gaċ uile ġné ṗláiġe, coṁminic as áill ríu. 7 Agus an tan ċrioċnóċuid síad a ḃfíaḋnuise, do ḋéunuiḋ an tainṁiḋe éirġeas ón bpoll duḃaigéin cogaḋ ríu, agus béuruiḋ sé buáiḋ orrṫa, agus muirfiḋ sé íad. 8 Agus béid a gcuirp sínte ar ṡráidiḃ na caiṫreaċa moire, dá ngoirṫear go spioradálta Sodom agus a Néigipt, sa nionad fós ann ar céusaḋ ar Dtíġearna. 9 Agus do ċífid cuid do na treaḃuiḃ agus do na puibleaċuiḃ agus do na teangṫuiḃ agus do na cineaḋaċuiḃ a gcuirp feaḋ ṫrí lá go leiṫ, agus ní léigfid a gcuirp do ċur a dtúamniġiḃ. 10 Agus do ḋéunuid áitreaḃuiḋ na talṁan gáirdeaċas ós a gcionn, agus biáiḋ lúaṫġáir orrṫa, agus cuirfid taḃartuis ċum a ċéile; do ḃríġ gur ṗíanadar an dá ḟáiġse áitreaḃuiġ na talṁan. 11 Aċd a gcionn ṫrí lá go leiṫ do ċuáiḋ Spiorad na béaṫa ó Ḋía ionnta, agus do ṡeasadar air a gcosuiḃ; agus do ġaḃ eagla ṁór an dream do ċonnairc íad. 12 Agus do ċúaladar gúṫ árd ó néaṁ, ag ráḋ ríu, Tigiḋ a níos ann so. Agus do ċúadar súas ar neaṁ a néull; agus do ċonnairc a náiṁde íad. 13 Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe. 14 Do ċuáiḋ an dara truáiġe ṫoruinn, agus, féuċ, tiucfuiḋ an treas truáiġe go háiṫġearr. 15 Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal. 16 Agus do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir, noċ do ḃí na suiḋe a ḃfíaḋnuise Dé ann a gcaiṫíreaċuiḃ, íad féin síos ar a naiġṫiḃ, agus tugadar onóir do Ḋía, 17 Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd. 18 Agus do ġaḃ fearg na cineaḋaċa, agus táinic ṫfeargsa, agus aimsir, ḃreiṫeaṁnuis na marḃ, agus luáiḋeaċda do ṫaḃairt dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ ba faiḋiḃ, agus do na náoṁuiḃ, agus don luċd ar a ḃí eagla hanma, eidir ḃeag agus ṁór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talaṁ. 19 Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society