Taisbeunaḋ 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X Tug treun-aingeal ioma raiḃ neull, leaḃar Deóin; ḃí milis, ag teaċd ar fúasclaḋ na Heagluise as an inṁe ṡearḃ a uáraiḃ roime. 1 Agus do ċonnairc mé aingeal neartṁar eile ag teaċd a núas ón neaṁ, ar na éuduġaḋ do néul: agus an bóġa uisge ar a ċeánn, agus a aġuiḋ mar an ngréin, agus a ċosa cosṁuil ré colamnuiḃ teineaḋ: 2 Agus do ḃi leaḃrán osguilte aige ann a láiṁ: agus do ċuir sé a ċos deas ar muir, agus a ċos ċlí ar tír, 3 Agus do éiġ sé do ġúṫ árd, aṁuil ḃéiceas leoṁan: agus an tan do éiġ se, do laḃradar seaċd dtóirrniġe a ngoṫanna. 4 Agus an tan do laḃradar na seaċd dtóirrniġe a ngoṫanna, do ḃí mé air tí sgrioḃaḋ: aċd do ċualuiḋ mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Cuir séula air na neiṫiḃ do laḃradar na seaċd dtóirrniġe, agus ná sgríoḃ íad. 5 Agus do ṫóg an taingeal do ċonnairc mé na ṡeasaṁ ar muir agus ar tír a láṁ suas ċum niṁe, 6 Agus tug sé an tí ṁaireas go sáoġal na sáoġal, noċ do ċrúṫuiġ neaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus an talaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus a nfairrge, agus na neiṫe atá innte, mar ṁionnuiḃ, naċ bíaḋ aimsir ann feasda: 7 Aċd a láeṫiḃ ġoṫa an seaċdṁaḋ aingeal, an tan ṡéidfeas sé a sdoc, biáiḋ rúindíaṁair Dé ar na ċrioċnúġaḋ, do réir mar do ḟoillsiġ sé ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na fáiḋe. 8 Agus do laḃair an gúṫ do ċúaluiḋ mé ó neaṁ a rís riom, agus a duḃairt, Imṫiġ roṁad glac an leaḃrán osguilte úd a laiṁ a naingil ṡeasas air muir agus air tír. 9 Agus do imṫiġ mé ċum a naingil, agus a duḃairt mé ris, Taḃair ḋaṁ an leaḃrán. Agus a duḃairt seision riom, Glac, agus sluig é; agus do ḋéuna sé do ḃruinn searḃ, aċd biáiḋ sé ad ḃéul coṁmilis ré mil. 10 Agus do ġlac mé an leaḃrán as láiṁ a naingil, agus do ṡluig mé é; agus do ḃí sé am ḃéul coṁmilis ré mil: aċd an tan do ṡluig mé é, do rinne sé mo ḃruinn searḃ. 11 Agus a duḃairt sé ríom, is éigean duit fáiḋeadóireaċd do ḋéunaṁ a rís a ḃfíaḋnuise a niomad ṗuibleaċa, agus ċineaḋaċa, agus ṫeangṫa, agus ṁoráin ríġteaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society