Taisbeunaḋ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I Teaċdáire aċd Ċríosd ċum na 7 neagluisiḋiḃ tré Eoin. 1 Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin: 2 An tí do rinne fíaḋnuise do ḃréiṫir Dé, agus dfíaḋnuise Iósa Críosd, agus dá gaċ ní ḋá ḃfacuiḋ sé. 3 As beannuiġe an tí léiġeas, agus an dream éisdeas bríaṫra na fáiḋeadóireaċd so, agus ċoiṁéudus na neiṫe atá sgríoḃṫa innte: óir atá a naimsir a láṫair. 4 Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion; 5 Agus ó Iósa Críosd, an ḟíaḋnuisí ḟíre, an ċéidġin ó ṁarḃuiḃ, agus prionnsa ós ríoġuiḃ na talṁan. An tí do ġráḋuiġ sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacaḋuiḃ ré na ḟuil féin, 6 Agus do rinne ḋínn ríġṫe agus sagairt do Ḋía agus dá Aṫair; glóir agus cúṁaċda ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén. 7 Féuċ, atá sé ag teaċd maílle ré neulluiḃ; agus do ċífiḋ gaċ uile ṡúil é, agus an dream féin do ṫoll é: agus cáoinfid na huile ṫreaḃa na talṁan na ḟíaḋnuise. As aṁluiḋ ḃías, Amén. 8 As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, a deir an Tíġearna, an tí atá, agus do ḃí, agus ḃías an tí atá Uileċúṁaċdaċ. 9 Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd. 10 Agus do coiṁéigniġeaḋ mé ris an Spioruid a ló an Tiġearna, agus do ċúaluiḋ mé don táoḃ ṡíar ḋíom gúṫ mór mar ḟuáim sduic, 11 Ag ráḋ, As mise Alṗa agus Oméga, an céidneaċ agus a neaċ deíġeanaċ: agus, Sgríoḃsa a leaḃar, an ní do ċí tu, agus cuir uáit é ċum na seaċd neagluisiḋiḃ atá sa Násia; ċum Eṗesuis, agus ċum Smirna, agus ċum Pergamuis, agus ċum Tiatíra, agus ċum Sardis, agus ċum Ṗiladelṗía, agus ċum Laodicea. 12 Agus do iompoiġ mé ar mo ċúl ċum an ġóṫa do laḃair riom dfaicsin. Agus ar niompóġ ḋaṁ, do ċonnairc mé seaċd gcoinnleóiriġ órrġa; 13 Agus a meaḋón na seaċd gcoinnleóir sin neaċ bá cosṁuil ré Mac an duine, noċ fá raiḃ éudaċ ráinic síos go a ṡáluiḃ, agus crios órrġa ṫairis a dtimċioll a ċíoċ. 14 Agus do ḃí a ċeann agus a ġrúag cóiṁġeal mar oluinn, nó sneaċda; agus a ṡúile cosṁuile re lasair ṫeineaḋ; 15 Agus bá cosṁuil a ċosa ré fionnḃruine, aṁuil ar na ndeargaḋ a nuáiṁ ṫéineaḋ; agus bá cosṁuil a ġúṫ ré fuáim ṁoráin duisgiḋiḃ. 16 Agus do ḃí aige na láiṁ ḋeis seaċd réulta: agus cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar ag teaċd amaċ as a ḃéul: agus a ġnúis aṁuil ḋeallruiġeas an ġrían ann a láinneart. 17 Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ: 18 Agus an tí atá beó, giḋ go raiḃ mé marḃ; agus, féuċ, atáim beo go sáoġal na sáoġal, Amén; agus atáid eoċraċa ifrinn agus an ḃáis agam. 19 Sgríoḃ na neiṫe do ċonnairc tú, agus na neiṫe atá ann, agus na neiṫe ṫiucfus na ḋiáiġ so; 20 Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society