Seṗaniah 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Gu ḃfuil pláġa searḃa go teaċt ar na geintiḃ arson iomad a bpeacaḋ. 1 Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, aseaḋ, cruinniġiḋ a ccionn a ċéile, a ċineaḋ neaṁḋúileaṁuil; 2 Suil ḃéaras a nfuagra amaċ, suil imeaċus an lá mar an ccáiṫleaċ, suil ṫiucfas lá fearg ḃorb an TIĠEARNA oruiḃ, suil ṫiucfas lá feirge an TIĠEARNA oruiḃ. 3 Iarruiḋ an TIĠEARNA, siḃsi a uile ḋrong ceannsa na talṁan, noċ doibriġ a ḃreiṫeaṁnus; íarruiḋ fíreantaċd, iarruiġ macántaċd: do bfeídir go ḃfoileoċṫáoi síḃ a ló ḟeirge an TIĠEARNA. 4 ¶ Oír tréigfiġear Gása, agus biáiḋ Ascélon na díaṁaireaċd: dibeoruid Asdod amaċ san meaḋón laói, agus toċalṫar Ecron as a freíṁ. 5 A ṁairg do luċt áitriġṫe ċósta na fairge, cíneaḋ na Ċeretíteaċ! atá focal an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ; a Ċanaan, a ḋúṫaiġ na Ḃṗilistinéaċ, scriosfa mé ṫusa go dearḃṫa, iondus naċ biáiḋ áitreaḃṫaċ ar biṫ ionnad. 6 Agus béid cóstaḋa na fairge na náitiḃ coṁnuiġe agus na mboṫaiḃ ag áoḋairiḃ, agus na máinreaċaiḃ ag tréuduiḃ. 7 Agus bíaiḋ an costa aig fuiġioll ṫiġe Iudah; biaṫfuid air: a ttiġṫiḃ Ascélon luiġfid síad síos tráṫnóna: óir cúairteaċuiḋ an TIĠEARNA a Ndía íad, agus fillfiḋ sé a ndáoirsine úaṫa. 8 ¶ Do ċúala mé masla Ṁóab, agus cáintéoireaċd ċloinne Ammon, lé ar ṁasluiġeadar mo ḋáoine, agus lé ar ṁóruiġeadar íad feín a naġaiḋ a tteórann. 9 Uimesin fa mar ṁairim, a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, Go deiṁin biaiḋ Móab mar Ṡodom, agus clann Ammon mar Ġomorrah, eaḋon na maṫair neantog, agus na poll salumn, agus na háonranaċd ṡiórruiḋe: millfiḋ íarḋráoi mo ḋaóine íad, agus sealḃoċuid íarsma mo ḋaóine íad. 10 Isé so do ġeaḃuid ar son a núaḃair, do ḃríġ gur ṁasluiġeadar agus gur ṁóradar íad féin a naġaiḋ ḋaóine ṪIĠEARNA na slóġ. 11 Bíaiḋ an TIĠEARNA úaṫḃásaċ ḋóiḃ: óir cuirfiḋ sé uile ḋée na talṁan do ġorta; agus aiḋeoruid dáoine eision, gaċ áonduine as a ionad féin, eaḋon uile oilén na ngeinteaḋ. 12 ¶ Siḃsi a Etíopianuiġ mar an ccéadna, muirfiġear siḃ le mo ċloiḋeaṁsa. 13 ¶ Agus sínfiḋ sé a láṁ amaċ a naġaiḋ an tuáisceart, agus scriosfuiḋ sé a Nassíria; agus do ḋéanuiḋ Nineḃeh na háonránaċd, agus tirim mar ḟásaċ. 14 Agus luiġfid tréuda iona lár, uile ḃeaṫáċa na ccineaḋaċ: coideoluiġ an fíaċfairge ar áon agus an bunnán léana iona lindériḃ úaċtaraċa; cánfa a ngúṫ annsna fuinneogaiḃ; biáiḋ áonranaċd annsna tairsiġiḃ: oir noċtfuiḋ sé a nóbair céadair. 15 Isí so an ċaṫair lúaṫġáireaċ do ċoṁnuiġ neaṁċúramaċ, a duḃairt iona croiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil ann aċd mé: cionnus do rinneaḋ fásaċ ḋí, na háit aig beaṫaċaiḃ ċum luiġe síos innte! gaċ uile duine ġaḃus láiṁ ría déana sé feadalaċ, agus croiṫfiḋ a láṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society